Tá brat bróin ina luí go trom ar Ghaeil na cruinne ó d’imigh Rónán Mac Aodha Bhuí uainn tráthnóna Dé Máirt.
Bhí aithne fhorleathan ag pobal na Gaeilge ar an laoch craoltóireachta, ceoil agus teanga, agus meas as cuimse lena chois.
Ba dhuine speisialta é a mheall lucht éisteachta náisiúnta chuige lena phearsantacht tharraingteach agus lena chur chuige spleodrach, agus is minic a thug sé an misneach a bhí ag teastáil dúinn ar fad: do mhuintir na Gaeltachta, do Ghaeil na gcathracha agus do mhórphobal na teanga trí chéile in Éirinn agus thar saile.
Ceannródaí a bhí ann a thug ardán don iliomad banna agus ceoltóir i gcaitheamh na mblianta agus ba chrann taca é d’fheachtais teanga i gcóngar agus i gcéin – bhí dáimh ar leith aige le Gaeil an tuaiscirt agus is iomaí comrádaí a bhí aige i measc cultúir mhionlaithe ar fud na hEorpa.
Cara dílis de chuid na hirise seo a bhí ann – scríobh sé alt ar cheol na Breatnaise don chéad eagrán siar in 2008 – agus thug sé tacaíocht spreagúil do na gradaim cheoil a bhunaigh NÓS in 2016, mar a thug sé d’fhéilte ceoil agus cultúir ó cheann ceann na tíre.
Cé gur buille millteanach é bás Rónáin do phobal na Gaeilge – agus go háirithe dá bhean Bernie, dá iníon Fionnuala, dá mhuintir agus dá chairde ar fad – is mór an tógáil croí é an oiread ómóis atá tugtha ag daoine dó le cúpla lá anuas.
Chomh maith leis na cláir speisialta a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (agus ar stáisiúin eile) inniu agus inné ar ar roinn daoine a chuid cuimhní cinn ar Rónán agus ar ar tugadh léargas pearsanta ar na tréithe iontacha a bhain leis mar dhuine, tá na céadta postáil mholtach scríofa ag eagrais teanga agus ag baill den ghnáthphobal ar na meáin shóisialta fosta.
D’eisigh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ráiteas inar dhúirt sé go raibh Rónán ina “laoch i measc na nGael” agus gur cuireadh “fáilte chroíúil roimhe i gcónaí in aon áit a mbeadh pobal na Gaeilge cruinnithe: ar Thoraigh, in Iarthar Bhéal Feirste, ag féile an Oireachtais nó in iliomad áiteanna eile.”
Lena chois sin scríobh dlúthchara de chuid Rónáin, an t-údar Eoghan Mac Giolla Bhríde, dán galánta in ómós don Ardrí ar féidir éisteacht leis anseo.
Éist le dán a chum @fothalamh faoina dhlúthchara, croí mór na féile, Rónán Mac Aodha Bhuí ✊❤️ @Barrscealta1https://t.co/0PTYdODkxN
— Gaeilge ar RTÉ (@GaeilgeRTE) September 20, 2023
Spreag cailliúint Rónáin an Dr Art Hughes ó Ollscoil Uladh le dul i mbun pinn (foilseofar a shaothar caointe siúd in eagrán speisialta den iris Comhar an mhí seo chugainn), mar aon le Colmcille Ó Monacháin, aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach agus duine de chlann aitheanta Uí Mhonacháin as Gaoth Dobhair ar cailleadh a n-athair féin Tom ar na mallaibh.
Seo thíos marbhna Cholmcille:
Croí isteach leat a Bhernie,
Ceann croí le Fionnuala dheas,
Mór bhur mbrón i ndiaidh bhur Rónáin,
Céile dílis agus athair maith.
Croí isteach le Cuimín, Iarla a’s Bríd,
Le Barra, Ríona, Colma ‘s Cian,
Cianach brónach sibh faraor,
A’s bhur ndeartháir álainn imithe uaibh.
Croí isteach eadrainn féin uilig,
Na mílte Gael thuaidh ‘s theas,
Caoinimis ár gcara a sciobadh uainn.
Tá poll nach líonfar in Éirinn ghlas.
Ach, a Rónáin, a théagair, ní chaoinfimid i bhfad:
Ní hé sin ab fhearr leat ach gáire agus greann,
Spórt agus cuideachta, craic agus caint,
Ceol ag gabháil go haer agus deoch mhaith den leann.
I measc na ndaoine eile a scríobh marbhna gairid i gcuimhne Rónáin tá bunaitheoir na hirise seo, Tomaí Ó Conghaile, a roinn a chuid véarsaí ar Twitter:
Lóchrann geal a las an oíche,
Glór dóchais a thóg ár gcroí,
Fear pobail i lár na féile,
Is dubhach sinn gan Ardrí.Thuaidh, theas, thoir is thiar,
Buan ár gcion air go deo,
Cara ar lár, deireadh craolta,
Dorn san aer do Rónán Beo.– An Bharsalóin Bhrónach, 19 Meán Fómhair 2023
— Tomaí Ó Conghaile (@TomaiRua) September 19, 2023
Cuirfear Rónán Mac Aodha Bhuí i Reilg Mhachaire Gathlán Dé hAoine 22 Méan Fómhair i ndiaidh Aifreann 11rn i dTeach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga.
Cuimhneofar air go brách agus coinnímis ár ndorn san aer ina ómós i gcónaí.