Is glas iad na cnoic…i Mario Kart

An tseachtain seo caite, foilsíodh ar NÓS deich gcinn de ‘nuafhocail’ lenár gcolúnaí Eoin P. Ó Murchú. Tá deich gcinn eile ag Eoin dúinn an tseachtain seo agus tuilleadh fós ag teacht isteach chugainn uaibhse na léitheoirí ar na meáin shóisialta. 

Tá an-saibhreas go deo le fáil sna seanfhocail. Ar an drochuair tá cuma beagán seanchaite ar roinnt acu. Nár dheas leaganacha nuashonraithe a scríobh a d’oirfeadh don saol sa lá atá inniu ann?

Seo daoibh mar sin seanfhocail ina nuafhocail. Míle buíochas leis an dream ar fad ó GaelGÁIRÍ agus eile a spreag roinnt acu seo. An bhfuil aon smaointe agat féin? Roinn do chuid iarrachtaí féin linn ar na meáin shóisialta!

“Is olc an ghaoth ar gá rabhadh aimsire oráiste a scaipeadh ina leith.”

“Maireann croí éadrom 15% níos faide ar aiste bia lán-veigeánach saor ó ghlútan.”

“Marbh le tae mura bhfuil bainne almóinne ann.”

 “Mol an óige agus beidh na millennials millte ar fad agat.”

“Nuair a bhíonn an cat amuigh cuireann na lucha an t-árasán ar Airbnb.”

“Ní féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal mar gheall ar thruailliú ola cois cósta.”

“Bíonn blas ar an MSG.”

“Is glas iad na cnoic… i Mario Kart.”

“De réir a chéile, le suimint, carraigeacha, adhmad, ríocht, arm mór agus cead pleanála a thógtar na caisleáin.”

Ní thagann ciall roimh aois, is ba mhaith léi teacht ar dtús ar a laghad uair amháin…

SCÉALTA EILE