‘Is maith an rud an nasc seo leis na tíortha Ceilteacha’
tuairisc ar fhéile Bendigeidfran

Bhí Eoin P. Ó Murchú ar dhuine de na Gaeil a ghlac páirt sa Tionscnamh IdirCheilteach.

I miotaseolaíocht na Breataine Bige fathach a bhí i mBendigeidfran a rinne droichead de féin idir an Bhreatain Bheag agus Éirinn. Seans nár chóir a lua gur chun na hÉireannaigh a chloí a rinne sé é! 

Ón uair nach raibh an droichead fathachúil ar fáil thug scata de Ghaeil na hÉireann an bád bán orainn féin go Caergybi. Ag freastal ar ‘Prosiect/Tioncsnamh: Bendigeidfran’ a bhíomhar agus an sprioc a bhí leis ná smaointe a roinnt, aithne níos fearr a chur ar phobal eile teanga mhionlaithe agus beagán spraoi a bheith againn.

Mar Éireannach an rud ba shuntasaí faoin tionscnamh ná láidreacht na Breatnaise sa cheantar. Bhí an imeacht ar siúl i gCaernarfon, baile a bhfuil 10,000 duine ina gcónaí ann. Mar a dúirt Marged Eiry Rhys, a thug leaba na hoíche do lucht GaelGÁIRÍ, “labhraíonn 80% de Chaernarfon Breatnais, agus labhraíonn i bhfírinne í, ní hé gur féidir linn agus nach mbacann muid. Labhraíonn daoine de gach aicme í anseo, áiteanna eile deirtear uaireanta gur teanga mheánaicmeach í.”

Is cinnte go mbraithfeá gur fíor seo agus tú ag siúl shráideanna Chaernarfon. Tá an Bhreatnais le léamh agus le clos ar fud na háite agus is í atá sa treis i ngach beár agus bialann agus í ag óg agus aosta. Tá caisleán Chaernarfon seasta go maorga ann agus cé go bhfuil Prionsa na Breataine Bige nasctha leis an mbaile is léir braistint ar son an neamhspleáchais agus in éadan Brecsit (an Breatimeacht) ann.

Eagraíodh imeachtaí an tionscnaimh i Halla an Mhargaidh agus ba é Seaghan Mac an tSionnaigh, Léachtóir Sinsearach as Ollscoil Uppsala, a thosaigh cúrsaí an lae le rang Gaeilge agus Breatnaise. Thug Joe Mitchell caint mar gheall ar a fhoclóir Breatnaise-Gaeilge. Mhínigh sé gur scríobh sé an foclóir le go mbeadh teacht ag cainteoirí Breatnaise ar áis Ghaeilge gan dul i muinín an Bhéarla. Luaigh sé go raibh sé ag súil go gcuirfeadh a pháistí féin suim ann mar go labhraíodh sé Gaeilge leo. Suimiúil go leor is faoi litriú na Breatnaise a scríobhann siad í agus bhí súil aige go gcabhródh an foclóir lena leithéidí.

Ina dhiaidh sin bhí comhrá idir Hywel Pitts, fuirseoir Breatnach a chasann amhráin ghreannmhara, Seán T Ó Meallaigh agus mé féin thar ceann GaelGÁIRÍ. Thugamar blaiseadh don slua ar a mbíonn ar siúl againn idir fhíseáin agus sheónna beo. Bhí buairt áirithe orainn go dteipfeadh go tubaisteach ar aon iarrachtaí ar ghreann (bhí ateangaireacht á déanamh ar chaint an lae mar sin bhí cluasáin i gcluasa go leor agus roinnt deacrachtaí tuisceana ó thráth go chéile) ach d’éirigh linn an slua a chur ag gáire, méid áirithe!

Ina dhiaidh sin bhí comhiarracht idir Seaghan Mac an tSionnaigh agus Rhy Trimble, file suaithinseach a dhéanann taispeántais ar leith. Bhí bata mór ag Rhys a bhí a bhualadh aige ar an urlár go rithimiúil agus filíocht shiollach á rá. Is cosúil go mbaineann sé seo le traidisiún fhilíocht na Breatnaise agus go bhfuil athbheochan áirithe á déanamh air. Bhain sé feidhm as callaire lán ceallairí, leis, nós nua b’fhéidir!

Rinne dream ón iris shnasta Bhreatnach Y Stamp agus lucht na hirise Gaeilge Mionlach (Cathal Peelo agus Katie McGreal) cur síos ar a mbíonn ar bun acu ó thaobh na n-irisí deonacha seo. Roinneadh leideanna ó thaobh dáiliúcháin, deartha agus labhraíodh ar an líon cóipeanna a dhíoltar. Tá díol maith ar Mionlach a mbíonn 400 cóip de na heagráin is déanaí á ndíol acu. Is meáin iad na hirisí seo d’ábhair go leor nach mbíonn deis ag daoine léamh fúthu in áiteanna eile go minic. 

Bhí Katie McGreal an-tógtha leis an tionscnamh, shíl sí “gur maith an rud an nasc seo a bheith againne leis na tíortha Ceilteacha. Sílim gur deis iontach atá ann foghlaim agus obair as lámh a chéile. Má tá agóid ar siúl againne ba cheart dúinn tacú le chéile.”

Bhí Cywion Cranogwen, grúpa banfhilí óga agus Ciara Ní É ó Reic mar chuid den chéad seisiún eile. Tá coincheap Cywion Cranogwen an-suimiúil, grúpa filí a dhéanann léamha le chéile. Tugtar cuirí d’fhilí nua páirt a ghlacadh ann agus bíonn filí ag teacht isteach agus ag imeacht uaidh i rith an ama. Roghnaíonn siad téama faoi leith agus eagraíonn imeacht leis na dánta a cur i láthair. 

Rinneamar seisiún déanta colláis le lucht CODI PAIS ina dhiaidh sin, ruainne beag suaimhnis ealaíonta tar éis na cainte ar fad. Threoraigh lucht na hirise áille sin CODI PAIS muid agus muid ag déanamh pictiúirí as blúirí ildaite páipéir, irisí agus meascán mearaí d’ábhar. Is cinnte go bhfuil cúram na healaíne le sonrú go mór ar tháirge CODI PAIS. Mhínigh eagarthóir na hirise dom gurbh é a bhí uathu leis an iris/cnuasach ná “rud a dteastódh ó dhaoine é a choinneáil, gur táirge é a bheadh go hálainn agus a mbeadh cuma álainn air agus a mothódh an páipéar go hálainn i do lámha fiú.”

San oíche bhí ceolchoirm sa Halla a léirigh réimse leathan den cheol comhaimseartha i mBreatnais. Bhí Kneecap le seinm ag an bhféile ach chailleadar a n-eitiltí maidine tar éis gig lán go doras i nDoire an oíche roimhe. Bí ag caint ar rocanról, nó hip agus hop go fiú. 

Ó thaobh na Breataine Bige bhí an banna hiphop 3 Hŵr Doeth ag casadh. Is cosúil gur imeartas focal dalba is bunús lena n-ainm, rud éigin faoin Triúr Saoithe, Muca agus Striapacha. Chuir siad lucht Halla an Mhargaidh ag rince lena n-amhráin thapa gháirsiúla.

An chéad chéim eile mar sin? Bhí Ciara Ní É ag súil go dtógfaí ar an bhféile as seo amach. 

“Táimid ag súil go mbeidh a leithéid ann in Éirinn amach anseo, féile a thabharfadh eolas do na hÉireannaigh ar na Breatnaigh. Ba cheart go mbeadh muide ag leanúint an mhúnla atá acu agus an stuif iontach ar fad atá ar bun acu.”