Más ag treabhadh ghort an traidisiúin agus gort na miotaseolaíochta a bhíonn formhór mór de bhanfhilí na Gaelainne, is amhlaidh gur ag tabhairt droim láimhe leis an nós céanna atá Siobhán Ní Dhomhnaill agus í ag saothrú a stíle sonraí nua-aimseartha féin ina céad chnuasach filíochta Ait agus Iontach Bheith Beo.
Stíl is ea í gur minic di preab a bhaint asam lena loime, a neamhbhailbhe, is lena scannal. Is maith mar a thugann teideal an chnuasaigh léargas dúinn ar shaothar an leabhair, óir tugann an Ciarraíoch mná fé iarracht shuntasach suáilcí agus duáilcí shaol mná óige a chur trí chéile i ndánta atá ag cur thar maoil le samhlaoidí ar leith agus friotail liriciúla.
An rud is suntasaí fén gcnuasach ná an scáfaireacht agus an t-iontas a mhúsclaíonn Ní Dhomhnaill sa léitheoir sna dánta is fearr léi. Tá luí ag an bhfile leis an ngáirsiúlacht agus leis an ngraostacht – nó go deimhin an oscailteacht agus an ceiliúradh – i gcuid mhaith dá dánta, agus is amhlaidh gur go neamhbhalbh a labhrann sí féna cuimhní collaíochta féin, rud nach móide a raghadh chun suaimhnis mórán daoine.
Bíonn lucht a léite mar a bheadh gliúcaithe sna neomaintí is dlúithe agus is príobháidí i saol an fhile, rud a fhágann go ngeiteann an croí le scáfaireacht ar léamh na línte úd. Tugann cur síos ar nós ‘tumann tú do mhéara ionam/ Cuimlíonn tú do theanga dem bhrillín’, mar sin, úire agus beocht ná faca pobal na Gaelainne go dtí seo dá saothar. Go deimhin, tá Ní Dhomhnaill le moladh as san.
Cuireann an file an chumhacht chéanna i bhfearas athuair ina dán ‘Rábairí Rugbaí’, nuair a thráchtann sí go paiseanta ar chás cúirte a bhí idir chamáinibh age madraí na sráide tamall de bhlianta ó shin. Éiríonn le Ní Dhomhnaill dul i bhfeidhm ar lucht léite an dáin nuair a labhrann sí ar an “[m]bualadh craicinn géar, miotalach, ar dh[a]th na cogaíochta,” is nuair a chríochnaítear an dán le líne a chuirfeadh náire agus fearg mar aon ar an léitheoir: “ní leáfadh cum ina mbéal”, atá mar líne dheiridh ag an dán, abairt a bhainfeadh stangadh nach beag asat, gan dabht.
Ní hamháin sin, ach tá an bailiúchán filíochta céanna geall le ticéad domhanda eitleáin. Thabharfá an leabhar air go mbeireann an file ar lámh ort ar oscailt an chnuasaigh duit agus go dtugann sí ar thuras draíochta timpeall na cruinne tú go dtí na háiteanna is ansa lena croí is go dtí na dúthaigh a mhúnlaigh mar dhuine í. Ní fada gur in Montana Mheiriceá thú ag faire ar “an spéir mhór mhórtasach” is na “sléibhte síorleanúnach[a]” go n-ardaítear na seolta athuair go Brighton cois cuain, mar a bhíonn an file ag caitheamh na spor ar a leannán agus mar a bhíonn oileán diamhair Atlantis ag fáiltiú romhainn.
Léiríonn céadchnuasach an fhile leis go bhfuil an bhean chéanna ina máistreás ar rudaí leamha an tsaoil a iompú ina rudaí seoighe. Is trí íomhánna aisteacha neamhghnácha a dhéanann sí amhlaidh dar ndóigh. Sa dán ‘Dán Molta do Mo Stocaí Dubh[a] atá ar Iarraidh’, léiríonn an file a hacmhainn shamhlaíoch nuair a tharraingíonn sí spreagadh ó leimhe an tsaoil is í ag breathnú ar na héadaí sa níochán, atá anois ina “gcuaifeach marmarach ildaite”.
Go deimhin is follas go gcuireann sí an teicníocht chéanna i bhfeidhm sa dán ‘Blas Teilifís Statach atá ar Bhéarla’ nuair a dhéanann sí cur síos ar theanga na nGall trí shraith de shamhlacha ar leith a chur fé bhráid lucht a léite. Ní geall leis an nGaelainn bhinn bhlasta atá an teanga úd, ach “mar a bheadh uisce súilíneach te/ Mar a bheadh datach todóige creathánach […]/ Mar a bheadh sú neantóige ó Chúige C[h]onnacht”.
Dá thaitneamhaí agus dá fheabhas é an saothar trí chéile, ní fhágann san go bhfuil sé gan locht, áfach. Cé gur léir gur le cúram is le cáiréis a roghnaíodh na friotail, is follas gur go míshlachtmhar agus go míchúramach a deineadh léamh profaí agus eagarthóireacht air. Tá an locht úd le braistint go sonrach sa ghramadach.
Cé nach dócha go dtabharfadh do shúil taitneamh do chlúdach an leabhair, éiríonn leis breith ar shealanna thuas agus ar shealanna thíos an tsaoil – atá mar phríomhtheachtaireacht an chnuasaigh, dar ndóigh – trí dhath geal na scríbhneoireachta a tharraingt anuas ar chúlra dorcha, rud atá ina scáthán ar chontrárthacht na mothúchán sa leabhar.
Ní foláir mar sin nó go bhfuil mianach an fhile go smior na gcnámh in aon té dar sloinne Ní Dhomhnaill, más aon fhianaise iad Siobhán agus Nuala Rua ar an bhfírinne úd. Chuir an file saothar nuálach nua-aimseartha os ár gcomhair amach sa chnuasach Ait agus Iontach Bheith Beo, agus is trí insint aerach áibhéalach bheo bhíogach a thug Ní Dhomhnaill cuntas dúinn ar shaol mná óige sa saol comhaimseartha. Is marbh an croí ná tógfadh an fhilíocht úd an smúit is an brón de.
Is in ithe na putóige a bhíonn a tástáil, áfach, mar sin ná creid uaim é – téirse féin agus léighse é!