‘Is mór an sólás dom gur chaomhnaigh Pádhraic Ó Domhnalláin stair Ghaeltachta mo cheantair féin’

Nuair a shocraigh mé an alt seo a scríobh, cheap mé go mbeinn ag scríobh faoi chuid de mhórscríbhneoirí Gaeilge ó thús na haoise seo caite a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. Ach shocraigh mé ar deireadh tabhairt faoin bpíosa seo a scríobh in ómós do Phádhraic Ó Domhnalláin, an scríbhneoir Gaeilge is fearr liom féin.

Idir é féin, saothair Sheáin Mhic Giollarnáth agus Thomáis Uí Mháille, ní minic a fhaigheann a gcuid saothair seans suí faoi dhusta fuaraíochta. Tá Ó Domhnalláin ar dhuine de na húdair, dár liom féin, nach bhfaigheann leath a dhóthain aitheantais mar scríbhneoir agus níos tábhachtaí fós, ba é  a shlánaigh filíocht Choilm de Bhailís. 

Ba é a leabhar Ar Lorg an Ríogh agus Scéalta Eile an chéad saothar dá chuid a léigh mé. Is cuimhin liom agus mé á léamh i mbliain na hArdteiste (nuair a bhí mé ceaptha bheith ag staidéar ar ndóigh) an ríméad a bhí orm logainmneacha mo cheantair féin a fheiceáil ag damhsa thart ar na leathanaigh go breosach sa gcló Gaelach. Scríbhneoireacht an údair seo ag tabhairt faonoscailt dom ar iarGhaeltacht Uachtar Ard agus Ros Cathail, tráth a raibh an Ghaeilge á labhairt go tréan ar bhruacha thiar na Coiribe. 

Ba mhór an rud é seo domsa mar gheall go mba dheacair dom samhlú ar feadh achar fada go raibh Gaeilge ar bith san áit, seachas an méid a bhí ar fáil ón gceantar ar Dúchas.ie.

Cé gur in Íochtar Ard a rugadh é, is i mbaile dúchais a mháthar i gCeathrú an Dola, áit ar chaith sé seal dá óige lena sheanmháthair, ar chuir sé suim sna glórtha Gaelacha a d’imigh thairis go fáilí agus é óg, agus inár tháinig ruibh na cainte air. 

Is faoi scáth Chnoc na Leice agus Chnocán na Lao ar cholbha Loch a’ Bhoth Bhuí atá Ceathrú an Dola. Baile beag fearainn atá idir gharranta beaga míne ar leirg sléibhe agus buailte breaclacha nach bhfuil achar ar bith ó mo bhaile fearainn féin anseo i gCill Ola. Tá mé in ann garranta beaga Cheathrú an Dola a fheiceáil siar uaim uaidh fhuinneog mo sheomra codlata. An baile fearainn seo anois buailte ar imeall na Gaeltachta, ruaitheacht sléibhe ag dul siar ó dheas ón áit, amach i dtreo Sheanadh Phéistín agus go cladach. 

Ba é seo an baile céanna as a tháinig seanmháthair an tseanchaí chlúitigh, Peadar Mac Thuathaláin, as Baile an Tí Mhóir i gceantar Chois Fharraige, agus a bheas mé ag plé aríst amach anseo le cúnamh Dé. 

Tá scéilín deas ina leabhar Dréachta, ina ndéanann sé cur síos ar a mháthair Bríd, agus ar na scéalta a d’insíodh sí dóibh agus iad ag suanaíocht léi ag an tine, gnás na linne. Ba bhean í máthair Phádhraic, Bríd Ní Fháthaigh nó Bríd Mháirtín mar a thugtaí uirthi, a raibh scoth na Gaeilge aici agus a raibh tláithínteacht ina cuid cainte. ‘Mamó Donnellan’ a bhaist muintir Uachtar Ard uirthi, Mamó Gaelach an bhaile. Bhí sí ar dhuine den dream deireanach raibh an Ghaeilge go smior iontu fós ar an mbaile. “B’iomaí scéal agus scuan a bhíodh le cloisteáil ann”, mar a deir sé féin faoi theach a mháthar. Is léir gur óna mianach a thug sé leis an bua teanga sin.

Pádhraic, lena mháthar Bríd agus a dheirfiúr Maighréad

Ní fear é a bhain móiréis lena chuid oibre, cé gurbh é a shábháil agus a chnuasaigh stór luachmhar amhráin Choilm de Bhailís. Agus é ina scorach óg gan ach naoi mbliana déag d’aois, ba é a bhuail bleid ar Cholm de Bhailís lena chuid amhrán a bhailiú uaidh, fear a raibh os cionn an chéid slánaithe aige faoin am sin.

Bhí sé ina fhear cúnta ag Colm agus é ar a dé deiridh i dTeach na mBocht in Uachtar Ard, ag taoscadh cibé ábhar a bhí aige uaidh.

Scríobh Ó Domhnalláin alt faoi Cholm ar An Claidheamh Soluis, ag cur síos ar splíontaíocht an fhile i dTeach na mBocht Uachtar Ard, agus ní raibh Pádraig Mac Piarais i bhfad ag scríobh leota de litir ag Ó Domhnalláin, ag gealladh dó nach gceadódh Conradh an Gaeilge, go gcaillfí ‘cumadóir Chúirt an tSrutháin Bhuí’ i dTeach na mBocht in Uachtar Ard. Cuireadh Colm De Bhailís chun cónaí le muintir Uí Thuathail i mbaile Uachtar Ard ansin, ach faraor sa deireadh b’éigean dó dul isteach i dTeach na mBocht aríst go dtí gur cailleadh é in 1906. 

Ní fearacht daoine eile é an t-am sin, agus mar a thug Pádraig Mac Piarais air sa litir, ba é ‘an t-aon Ghael in Uachtar Ard’. Thuig Ó Domhnalláin an cheird a bhí ar mhuintir na háite i leith na Gaeilge agus bhain sé gaisneas as an mhéid a bhí fanta, choinnigh sé greim an bhairnigh ar oidhreacht a mhuintire. 

Bhí an Ghaeilge ina fuarchúis in Uachtar Ard, cé go raibh sí á labhairt go fairsing fós an tráth sin i mbráicíní ceann tuí an cheantair go tréan. Bhí coimhthíos ar mhuintir an bhaile Gaeilge a labhairt.

Pádhraic Ó Domhnalláin

Ní raibh mé i bhfad i mo léitheoir cíocrach de shaothair Phádhraic Uí Dhomhnalláin nuair a casadh iníon de chlann a chlainne orm ag Oireachtas na Samhna 2019. Ní raibh mé in ann é a chreidiúint gur casadh duine dá shliocht orm agus í féin chomh díocasach agus chomh dúthrachtach i leith na Gaeilge freisin. Í ina taighdeoir fóineolaíochta, agus ag plé le cúrsaí teangeolaíochta Gaeilge i gcoitinne. Mar is dual di, an tsuim chéanna sa nGaeilge tugtha léi óna sin-seanathair. Ba bheag an saol é agus dár ndóigh ba léir dom go mbriseann an dúchas trí shúile an chait. 

Teagascóir, bailitheoir, scríbhneoir, ba údar é a bhí paiteanta ar an druil, agus cé go bhfuil a chion féin déanta aige chomh maith le scríbhneoir Gaeilge ar bith eile uaidh tús an chéid seo caite, déanaim iontas i gcónaí nach mbíonn níos mó eolais ag daoine air.

‘Is beag an rud is buaine ná an duine’, agus is mór an sólás domsa é, gur chaomhnaigh sé cuid de stair Ghaeltachta an cheantair álainn as ar fáisceadh é agus inár tógadh mise.