I dTír na mBascach i mbliana, ceiliúrfar finscéal an ´Jaun Zuria´, laoch Chath Padura (888 AD) agus céad-tiarna miotasach na Bioscáine (Vizcaya). I measc na leaganacha éagsúla atá sa mbéaloideas agus leaganacha scríofa den fhinscéal, luaitear Éire arís agus arís eile.
Miotas an Jaun Zuria
Tháinig banphrionsa eachtrannach ar muir chuig Mundaka i dTír na mBascach sa mbliain 866 A.D. Shaolaigh sí leanbh álainn a mbeadh an-cháil air sa todhchaí. Nuair a bhain an páiste an dá bhliain fichead amach, dhírigh sé na fórsaí Bascacha go cróga i gcath miotasach Padura, ag cosaint na Bioscáine ó ionradh shaighdiúirí Leon agus Asturia.
Ag na Bascaigh a bhí an bua, agus maraíodh a lán de na hionróirí chomh maith lena gceannaire, an Prionsa Orduño. Díbríodh an fuílleach chomh fada leis an gcrann Malato, crann a mharcálann teorainn Vizcaya.
Mar bhuíochas, rinneadh céad-tiarna Vizcaya den laoch, agus tugadh ´Jaun Zuria´, an Tiarna Bán, air agus tugadh tailte móra dó in Durango. Ainmníodh Arrigorriaga, ‘clocha dearga’, ar shuíomh chath Padura, de bharr na fola a dhearg na carraigeacha.
Sa mbéaloideas faoin gcath, labhraítear faoi bhanphrionsa Éireannach (máthair an Jaun Zuria?) a deir nuair a fheiceann sí dhá mhac tíre ag dul thart le huain ina mbéal roimh an gcath, gur comhartha sin go mbeidh an lá acu.
Inniu, ar armais na Bioscáine feictear dhá mhac tíre le huain ina mbéal, bunaithe ar an bhfinscéal.
Deir an leagan is sine den mhiotas, leagan a scríobhadh sa 14ú hAois, gur mac le rí Shasana a bhí san ´Jaun Zuria´. I leagan an 15ú hAois, is de bhunadh na hAlban é, mac leis an mbanphrionsa ´Belascota´ agus nia le Rí na hAlban.
Tá seans ann gur aistríodh Scotus ag an am mar Albanach, nuair i ndáiríre a chiallaigh sé, go dtí an 13ú hAois, Éireannach. Sa mbéaloideas is flúirsí áfach, is mac le banphrionsa Éireannach an ´Tiarna Bán´.
Scríobhadh dhá leagan eile den fhinscéal sa 19ú hAois nach luann banphrionsa ar chor ar bith. Fear fásta ón Gascon a tháinig ó Éirinn chuig Mundaka an Jaun Zuria de réir leagan amháin, agus i leagan eile, geallann an t-údar Antonio de Trueba gur Éireannach darbh ainm Lemor mac Morna an Jaun Zuria, a “éalaigh ó Éirinn” tar éis rí a mharú trí thimpiste agus iad ag seilg le chéile.
Dar ndóigh, ní ait an ceangal seo le hÉirinn. Is cosúil go raibh ceangal láidir ar muir idir leithinis na hIbéire agus Éire ar feadh na gcianta.
De réir bhéaloideas ársa na hÉireann agus Galicia na Spáinne, is ón Ibéir am éigin idir 1000 agus 2000 R.C. a tháinig Clann Mhíle chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn agus seilbh a ghlacadh ar an oileán.
Is as an Scitia, ceantar i lár na Rúise sa lá inniu, arbh astu ó dhúchas. Duine acu ab ea Fionn mac Cumhaill, na Fianna agus pobal Chlanna Baoisgine (Vascones/Vizcaynos) a luaitear i stair agus béaloideas na hÉireann.
Níos déanaí tháinig na ´Brigantes´ a bhí lonnaithe san Eilvéis in aice Bregenz, go dtí an Ibéir ag éalú ós na Rómánaigh, agus blianta ina dhiaidh sin, chun lonnú in Éirinn agus an Bhreatain. Duine de na mór-bhandéithe a bhí acu ná Brigit nó Bríd s’againne.
As an Ibéir freisin a tháinig Bera sa dara céad A.D. bean chéile Eogain Mhóir, rí na Mumhan, agus deirtear gurb aisti a ainmníodh leithinis Bhéarra.
Dealraíonn go bhfuil cuid den fhírinne i ngach finscéal.
Sna tástálacha DNA, léirítear go bhfuil 80% DNA ´Bascach´ i muintir chósta thiar na hÉireann, agus in Éirinn ar an iomlán, 30%. Caithfidh go bhfuil seo dian orthu siúd nach gcreideann fírinne bhunúsach an bhéaloidis.
Tá ceangal na nÉireannach le finscéal an Jaun Zuria an-suimiúil fós, mar go luaitear Mundaka i mbéaloideas na hÉireann mar áit as a dtáinig Clanna Mhíle.
Sa 16ú hAois luaigh Finín Mac Cárthaigh Mundaka mar áit a raibh eolas maith ag Éireannaigh uirthi, mar gheall gurbh as sin a tháinig Tailtiú, bean chéile Eochaidh mhic Eirc, rí deireanach na bhFear Bolg. Tar éis bhás Thailteann, bunaíodh cluichí cáiliúla Thailteann ina onóir, cluichí a mhair in Éirinn ar feadh na gcéadta bliain.
An banphrionsa Éireannach a bhí sa ‘Belascota’ mhiotasach ag teitheadh nó ag tabhairt cuairte ar a muintir in Mundaka, áit as a dtáinig dream dá muintir na céadta bliain roimhe sin chun seilbh a ghlacadh ar Éirinn? Cá bhfios.