Kíla i nGaoth Dobhair agus ceithre imeacht eile

Scéalaíocht do Pháistí, POTA, Gael Taca, Corcaigh, Dé Sathairn, 30 Meitheamh @ 13:00

Tá preabchaifé oscailte in ionad Ghael Taca le cúpla seachtain anuas, gach seans go bhfuil léite agaibh faoi ar an suíomh áirithe seo! Pota an t-ainm atá air, agus guímid gach rath ar lucht na háite, Diarmuid Ó Mathúna agus a fhoireann. Beidh imeachtaí ar bun ann ó am go ham agus is dírithe ar dhaoine óga a bheidh cuid acusan. Beidh ceann de na himeachtaí sin ar bun Dé Sathairn, nuair a bheidh Cillian Brennan, fuirseoir, amhránaí agus seanchaí nua-aimseartha i mbun na scéalaíochta! Scéalta do leanaí agus a dtuismitheoirí a bheidh á n-insint, óna 13:00. Bí ann le héisteacht agus le blaiseadh a fháil den mbia breá chomh maith!

CEOL!

Dónal Clancy, The Cobblestone, Margadh na Feirme, Dé Sathairn, 30 Meitheamh @ 20:30;

Kíla, Amharclann Ghaoth Dobhair, Dún na nGall, Dé Sathairn, 30 Meitheamh @ 20:30;

Kneecap, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn, 30 Meitheamh @ 21:00.

Beidh plúr na nGael-cheoltóirí ag seinm timpeall na tíre an Satharn beag seo. An sár-ghiotáraí Dónal Clancy a bheidh ag tabhairt aghaidh ar thábhairne an cheoil, The Cobblestone i Margadh na Feirme, áit a mbeidh idir cheol agus amhráin aige ar an oíche. An oíche chéanna in Amharclann Ghaoth Dobhair, beidh Kíla i mbun na siamsaíochta mar chuid dá gcamchuairt le ceiliúradh a dhéanamh ar Tóg É Go Bog É, dlúthdhiosca ceannródaíoch an ghrúpa a heisíodh 21 bliain ó shin agus atá ath-eisithe acu le déanaí! Soir trasna na tíre agus is í stíl an rap a bheidh ag triúr an ghrúpa Kneecap i mBéal Feirste. Beidh siad sa Chultúrlann lena MixTape a sheoladh sa chathair óna naoi a chlog! Deireadh seachtaine ceolmhar geallta timpeall na tíre ar fad, búm! 

Campaí samhraidh aisteoireachta do dhaoine óga, Gaelscoil Dara, an Rinn Mhór, Gaillimh, 2–6 Iúil agus 9–13 Iúil.

Tá Taibhdhearc na Gaillimhe ag cur ranganna drámaíochta ar fáil do dhaoine óga an tseachtain seo chugainn! Campa samhraidh atá i gceist leis seo, do leanaí (atá idir 8 & 12 bliain d’aois) a bhfuil suim acu i gcúrsaí drámaíochta agus aisteoireachta! Rithfear an chéad champa ón 2–6 Iúil agus an dara ceann ón 9–13 Iúil. Is iad James Riordan agus Cillian Ó Donnachadha an bheirt a bheidh ag tabhairt ceachtanna agus comhairle! Déan teagmháil leo anseo chun clárú!

Síle Denvir, Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor agus Pádraig Rynne, an Grianán, Droichead Átha, Co. Lú, Déardaoin, 5 Iúil @ 20:00

Déardaoin seo chugainn, mar chuid de Chúirt Chruitireachta Idirnáisiúnta na bliana seo, beidh scoth na gceoltóirí Gaelacha ag cruinniú le chéile i gCo. Lú. Seo an 33ú bliain dá leithéid d’fhéile a bheith ar bun agus tá clár leathan imeachtaí beartaithe ag lucht a eagraithe. I measc na mbuaicphointí, beidh Síle Denvir, Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor agus Pádraig Rynne ag seinm le chéile. Réalta Ceoil atá baiste ar choirm seo na féile a bheidh ar siúl sa Ghrianán. 

Tá imeachtaí ar fad na féile le feiscint ar an leathanach gréasáin cairdenacruite.com – tabhair cuairt air go gcífidh tú cad atá romhainn amach!

SCÉALTA EILE