Kneecap agus go leor eile ar chlár an Phubaill Gaeilge

Tá clár an Phubaill Gaeilge, an t-ardán Gaeilge ag Electric Picnic, fógartha ag lucht a eagraithe. Beidh an Puball Gaeilge sa Mind Field ag Electric Picnic 2018, an fhéile cheoil is mó in Éirinn, a bheidh á reáchtáil sa Sráidbhaile i gContae Laoise arís eile i mbliana. 

Tá an Picnic ar an bhfód ó bhí 2004 ann agus seo í an 11ú bliain don Phuball Gaeilge a bheith mar chuid di. Tugtar ardán sa bPuball do na Gaeil a gcuid ceoil agus ealaíne a léiriú ag féile mhór náisiúnta. 

I mbliana, beidh KNEECAP, Oski Bravo, Nocturnes, Gráinne Holland, Shane Hennesy, Cult Called Man, Thatchers of the Acropolis agus go leor ceoltóirí eile ar an ardán. Beidh láithreoirí Raidió Fáilte, Raidió na Life, agus Rónán Mac Aodha Bhuí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an láthair freisin istoíche le ceol a chasadh go deireadh na hoíche. Beidh an Cabaret Craiceáilte á chur i láthair ag Rónán oíche Dé Sathairn. 

Beidh Abhainn Bheara, Éiriú, LAS, The Hot Toddies, Three Underneath, Exiles, Bruadar, agus Ulchabháin ar an ardán chomh maith. 

Anuas ar an gceol, beidh an club grinn GaelGÁIRÍ, an fear draíochta Rua, cainteanna IMBOLC, agus go leor eile sa bPuball Gaeilge i gcaitheamh an deireadh seachtaine, chomh maith le léiriú ón gcomplacht aisteoireachta Fíbín agus craoladh beo den phodchraoladh mór le rá ‘Beo, Ar Éigean’.

Taobh amuigh den Phuball beidh cluichí á n-imirt ag Glór na nGael le lucht freastail na féile agus beidh ceardlanna ióga á ndéanamh ag Miriam Ní Niadh. 

Dúirt Rossa Ó Snodaigh, eagraí an Phubaill Gaeilge le NÓS go bhfuil sé ag súil go mór le féile na bliana seo. 

“An deacracht atá againn i mbliana ná go bhfuil an oiread sin buíonta ceoil ag iarraidh a bheith sa Phuball Gaeilge. Tá daichead nó caoga buíon éagsúil le bheith ann cheana féin agus tá daoine eile fós ag teacht chugainn ag iarraidh a bheith ann,” a dúirt sé. 

Den chéad uair i mbliana, beidh an dara hardán Gaeilge ann ag an Electric Picnic, agus ardán socraithe ag Bliain na Gaeilge mar chuid den cheiliúradh atá á dhéanamh ar 125 d’Athbheochan na Gaeilge. Beidh ceoltóirí agus imeachtaí eile ar siúl ar an ardán sin a fhad is a bheidh an Puball Gaeilge á reáchtáil, agus liosta iomlán le fógairt go fóill ag Bliain na Gaeilge faoin ardán go luath. 

Fógraíodh níos túisce an mhí seo go mbeidh ‘Gaeltacht’ oifigiúil sa láthair champála ag Electric Picnic den chéad uair i mbliana. Cé gur cruinníodh na Gaeil in aon áit amháin ar an láthair champála go minic cheana, seo í an chéad uair a chuirfear spás ar leith ar leataobh dóibh ag an bhféile cheoil. Bhí 200 spás ar fáil sa ‘Gaeltacht’ agus a bhformhór acu sin curtha in áirithe cheana féin ag cainteoirí Gaeilge. 

Tá roinnt ceoltóirí fógartha cheana féin ag Bliain na Gaeilge, ina measc, Seo Linn, Just Like Us, Dó Fá Dó, Lauren Ní Chasaide agus go leor eile. Beidh an ócáid filíochta Reic á reáchtáil ar ardán Bhliain na Gaeilge chomh maith. 

Beidh an Electric Picnic á reáchtáil don 15ú bliain sa Sráidbhaile i gContae Laoise ón 31 Lúnasa go dtí 2 Meán Fómhair agus leithéidí Kendrick Lamar, xMassive Attack agus N*E*R*D le bheith ar an bpríomhardán, i measc na gcéadta ceoltóirí eile. 

Fógrófar clár iomlán an dá ardán níos giorra don fhéile. 

SCÉALTA EILE