Kneecap i nDoire agus ceithre imeacht eile

Mad Dog Coll, Amharclann Ghaoth Dobhair Dé Luain 22 agus Dé Máirt 23 Aibréan @ 20:00

Ní raibh mórán de chur amach agam ar ‘Mad Dog Coll’, gur chuala caint go mbeadh dráma bunaithe ar a shaol le feiscint in Amharclann Ghaoth Dobhair an tseachtain seo. Uinseann Ó Colla an té atá i gceist, fear a saolaíodh i nGaoth Dobhair ach a bhog go Nua-Eabhrac, áit ar chaith sé go leor ama le drongadóirí agus lucht caimiléireachta. 

Is é Pól Ó Gallachóir atá tar éis peann a chur le pár chun a scéal a insint sa saothar seo agus is faoi Aisteoirí Phíoba Thuathail a bheidh sé é a léiriú os comhair na ndaoine in Amharclann Ghaoth Dobhair inniu agus amárach. Is fiú a lua nach bhfuil an seó oiriúnach do pháistí óga.

Ócáid ómóis do Liam Ó Muirthile, Leabharlann na Cathrach, Corcaigh Dé Céadaoin 24 Aibreán @ 19:00

Is mar chuid den Cork World Book Festival atá ócáid faoi leith á eagrú i Leabharlann na Cathrach Dé Céadaoin. Is ag léiriú ómóis don bhfile agus scríbhneoir, Liam Ó Muirthile, a cailleadh anuraidh, a bheidh Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Séamus Barra Ó Súilleabháin, a bheidh páirteach san oíche. Go n-éirí leo.

Crash Test Caint, Ionad Ealaíona an Axis, Baile Munna, Dé Céadaoin 24 Aibréan @ 19:30

Tá ócáid rialta ann a tharlaíonn i mBaile Munna, in Ionad an Axis, dar teideal Crash Test Caint. Is ag an imeacht seo a bhíonn fáilte chroíúil rompu siúd ar mhian leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht atá fáiltiúil, siamsúil agus neamhoifigiúil. Roghnaítear téamaí éagsúla gach aon mhí agus dírítear ar phlé faoina hábhair sin ar na hoícheanta úd. Is féidir a gcuntais Facebook agus Twitter a leanúint chun tuilleadh eolais a fháil, nó ceist dhíreach a chur orthu ach ríomhphost a sheoladh chuig: crashtestcaint@gmail.com

Pop Up Gaeltacht an Aibreáin, Doyle’s, Faiche an Choláiste, Déardaoin 25 Aibreán @ 20:00

Mí na Samhna seo caite, i dtigh tábhairne Bison, bhí Pop Up Gaeltacht ar bun. Níor fhreastal mé ar a leithéid d’oíche ó shin agus dá bharr táim ag súil go mór le himeacht na míosa seo i dtigh tábhairne Doyle’s, áit a mbím de ghnáth ag deireadh seachas tús na hoíche! Níos luaithe ná sin áfach, Déardaoin seo chugainn, mar go gcuirfear tús le hócáid Aibreáin timpeall 20:00. Bí ann nó bí cearnógach!

Kneecap, Sandinos, Doire, Dé hAoine 26 Aibreán @ 20:00

Bí i gcomhluadar geabairí Kneecap agus iad i nDoire ar an Aoine. In Sandinos a bheidh siad don ócáid seo nach scaoilfear isteach ar le daoine os cionn 18 chuige. An banna Dirty Faces a bheidh ag tabhairt tacaíochta. Tá ticéid ar fáil faoi láthair ach gliogáil ar an leathanach seo de chuid Eventbrite.