Is é amárach, Déardaoin 28 Aibreán, Lá Náisiúnta na Filíochta anseo in Éirinn. Tugann Ciara Ní Éanacháin léargas dúinn faoina bhfuil i gceist leis.
Ócáid bhliantúil is ea Lá na Filíochta, agus iontas na n-iontas, roghnaíodh ‘réabhlóid’ mar théama an lae i mbliana.
An bhfuil tú ag ardú do shúl i dtreo na bhflaitheas tar éis an oiread cainte ar chúrsaí réabhlóide cheana féin?
Ná bí!
Deir Poetry Ireland / Éigse Éireann go bhfuil siad ag súil le feiceáil cad iad na bealaí éagsúla, réabhlóideacha, a ghabhann daoine i dteagmháil leis an téama.
D’fhéadfadh dream dul i ngleic le ‘réabhlóid’ i mbealach polaitiúil, pearsanta, ealaíonta nó eile.
Ní téama docht daingean é, ach túsphointe le daoine a chur ag machnamh.
Imeachtaí éagsúla
Is féidir imeachtaí a scagadh ar shuíomh Poetry Ireland de réir cineál imeachta agus áite.
Ó thaobh na Gaeilge de, tá dhá ócáid dhátheangacha ar siúl i mBÁC, An Ciorcal Caidrimh (saorchead isteach) agus Fréamhacha (€10, ach gheobhaidh tú do lón).
Seo na torthaí do Chúige Mumhan, Cúige Chonnacht, agus Cúige Uladh, mar sin roghnaigh imeacht nó dhó agus léim isteach i ndomhan na filíochta!
D’fhoghlaim mé féin roinnt mhaith ón liosta faoi imeachtaí a bhíonn ar siúl i mo cheantar féin sa phríomhchathair, ní hamháin do Lá na Filíochta, ach go rialta.
Más fearr leat do chuid filíochta a fháil i bhfoirm chlóite, ceart go leor, seo lascaine ar roinnt leabhar!
Ach ní gá duit freastal ar imeacht filíochta, nó fiú filíocht a cheannach, le páirt a ghlacadh sa lá amárach.
Scaipfear filíocht ar fud na tíre; ar an gcóras iompar poiblí, sna hoispidéil, agus sna siopaí.
Dart
Más Bleá Cliathach thú, an úsáideann tú an DART?
Seans maith mar sin go bhfuil postaeir Lá na Filíochta (thíos) feicithe agat cheana féin.
Tá 10 dán roghnaithe ag Poetry Ireland ó dhá chnuasach nua dá chuid.
Chuirfeadh sé duine ag smaoineamh faoin mbealach a úsáideann muid ár gcuid spásanna poiblí.
Nach deas an coincheap é rud éigin seachas fógraí leadránacha a bheith le léamh ag muintir na cathrach ar a mbealach chun na hoibre, agus samhlaigh dá mbeadh filíocht in áit fógraíochta timpeall na cathrach?
Cuireann sé i gcuimhne dom scéal São Paulo, an chathair sa Bhrasaíl inar cuireadh cosc ar aon fhógra amuigh faoin aer; sin cláir fhógraíochta, scáileáin, agus fógra ar na busanna srl.
Cothú Anama
Cuid eile den lá ná ‘Soul Food: Menu of Poems 2016’, traidisiún a thosaigh sa bhliain 2009.
Gheobhaidh 10,000 duine in oispidéil timpeall na tíre an ‘biachlár dánta’ ar a dtráidire béile.
In áiteanna ar leith beidh léamha filíochta ann chomh maith.
Is í an file clúiteach Colette Bryce a roghnaigh na ceithre dhán, saothar de chuid Emily Dickinson agus Ian Duhig ian measc.
Má tá tú féin, nó duine i do shaol, san oispidéal nach bhfuil páirteach, nó má oibríonn tú in oispidéal nach bhfuil cláraithe go fóill, níl sé ró-dhéanach!
Is féidir na dánta a íoslódáil anseo, agus iad a chló amach, más mian leat.
Butlers
Má tá caife uait Déardaoin, déan cinnte é a fháil ó Butlers Chocolate Café.
Tá 18 siopa acu ar fud na tíre agus tá siad go léir ag glacadh páirte i Lá Náisiúnta na Filíochta.
Má cheannaíonn tú cupán caife, gheobhaidh tú cárta beag filíochta le tabhairt abhaile leat.
Sin in éineacht leis an bpíosa seacláide a fhaightear go hiondúil dar ndóigh!
Fiú mura féidir leat bheith páirteach in aon rud thuasluaite, lean an sruth ar #PoetryDayIRL nó an cuntas @PoetryIreland le coimeád ar an eolas faoina bhfuil ar siúl.
Go mbaine sibh sult as Lá na Filíochta!