Láthair bhreise champála d’Fhéile na Gealaí 2019

Beidh láthair nua champála ar oscailt d’Fhéile na Gealaí i mbliana mar gheall ar an éileamh mór atá ar thicéid i mbliana. Baileoidh na Gaeil don cheathrú bliain as a chéile i nGaeltacht na Mí an samhradh seo do dheireadh seachtaine lán ceoil, óil agus spraoi.  

Is sa ngarraí díreach in aice leis an láthair champála a bhí ann go dtí seo a bheidh an spás breise do lucht campála na féile i mbliana. Bíonn Féile na Gealaí ar shiúl ar pháirc Chumann Lúthchleas Gael Ráth Chairn, agus is ann a bheidh an t-ardán arís i mbliana. Díoladh gach uile thicéad campála don fhéile mí sular thosaigh sí i mbliana agus bhí an-tóir go deo ar na ticéid lae freisin. 

Cheana féin tá níos mó ná trí oiread na dticéad díolta i mbliana ná mar a díoladh faoin am seo anuraidh agus tá súil ag lucht eagraithe na  féile go mbeidh suas le 500 duine i láthair i Ráth Chairn ar an 14-16 Meitheamh. 

Tá lascaine ar fáil do dhaoine a cheannóidh a thicéid luath (€55) ach ní mór ticéad a cheannach anois más maith leat an lascaine sin a fháil — cuirfear deireadh le ‘Sraith 1’ i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig agus beidh costas €70 ar thicéad ina dhiaidh sin. Díoladh 50% de na ticéid ‘Sraith 1’ trí lá roimh Lá Fhéile Pádraig anuraidh, agus níl ach líon teoranta ticéad ‘Sraith 1’ ar fáil. 

Ar na ceoltóirí  a bheidh ag Féile na Gealaí 2019, beidh Kneecap, Vigilanti, An Chéad Ghlúin Eile, Dáithí agus Bréag. Tá tuilleadh ceoltóirí le fógairt an mhí seo chugainn.  Bíonn idir cheol beo agus imeachtaí eile, ar nós ióga agus ranganna damhsa boilg, ag Féile na Gealaí, chomh maith le himeachtaí do theaghlaigh. 

Beidh an t-eolas uilig faoi cheoltóirí agus imeachtaí Fhéile na Gealaí 2019 ar NÓS de réir mar a fhógraítear é, agus, ar ndóigh, beidh NÓS féin i láthair!

SCÉALTA EILE