Láthair champála do theaghlaigh fógartha ag Féile na Gealaí

Tá láthair eile champála fós fógartha ag lucht eagraithe na féile Gaeilge is mó fás in Éirinn, Féile na Gealaí. Fógraíodh ar na meáin shóisialta aréir go mbeidh fáilte roimh theaghlaigh freastail ar Fhéile na Gealaí i Rath Chairn na mí an samhradh seo agus go gcuirfear láthair champála ar leith ar fáil dóibh.

Tá 40 ticéad ar fáil do dhaoine a bhfuil clann óg orthu atá ag iarraidh a bheith i láthair ag Féile na Gealaí i mí an Mheithimh. Beidh daoine óga ag fanacht ar pháirc peile Scoil Uí Ghramhnaigh i Ráth Chairn, nach bhfuil ach cúpla céad slat ó phríomhláthair na féile. 

Tá costas €70 ar thicéad teaghlaigh ar Eventbrite agus beidh cead ag daoine fásta a cheannaigh ticéad cheana féin an ticéad a mhalartú do thicéad teaghlaigh ach teagmháil a dhéanamh le lucht  eagraithe na féile. 

Is éard atá i gceist le ticéad teaghlaigh ná cead campála d’oíche amháin (Satharn na féile), cead isteach chuig na himeachtaí teaghlaigh a bheidh ar siúl i gcaitheamh na féile,  agus cead isteach go príomhláthair na féile suas go 20.00. 

Beidh pasanna do theaghlaigh ar fáil ar gheata na féile do dhaoine ar mhaith leo freastail ar imeachtaí na féile ach nach dteastaíonn uathu a bheith ag campáil ann.

Níl na gnáthicéid ar fad díolta d’Fhéile na Gealaí, a bheidh ar siúl ar pháirc peile Ráth Chairn idir 14-16 Meitheamh, ach tá tóir an-mhór go deo ar na ticéid chéanna. Tháinig méadú ar 70% ar líon na dticéad a díoladh don fhéile suas go Lá Fhéile Pádraig i mbliana agus tá tóir go fóill ar thicéid ‘Sraith 2’ atá ar díol faoi láthair. 

Anuas ar an 40 ticéad do theaghlaigh, d’fhógair Féile na Gealaí an mhí seo caite go bhfuil 30 ticéad saor in aisce ar fáil do lucht labhartha na Gàidhlig agus iarrachtaí ar bun acu Gaeil na hAlban a mhealladh go Gaeltacht na Mí. 

Beidh Féile na Gealaí níos mó ná mar a bhí riamh cheana i mbliana agus láthair nua champála le bheith ann den chéad uair i mbliana. Is sa ngarraí díreach in aice leis an láthair champála a bhí ann go dtí seo a bheidh an spás breise do lucht campála na féile i mbliana.

Ar na ceoltóirí  a bheidh ag Féile na Gealaí 2019, beidh Kneecap, Vigilanti, An Chéad Ghlúin Eile, Dáithí agus Bréag. Beidh bannaí agus ceoltóirí aonair ag teacht anall ó Albain freisin. 

Bíonn idir cheol beo agus imeachtaí eile, ar nós ióga agus ranganna damhsa boilg, ag Féile na Gealaí, chomh maith le himeachtaí do theaghlaigh. 

Beidh an t-eolas uilig faoi cheoltóirí agus imeachtaí Fhéile na Gealaí 2019 ar NÓS de réir mar a fhógraítear é, agus, ar ndóigh, beidh NÓS féin i láthair!

SCÉALTA EILE