Beidh láthair champála “Ghaeltachta” ag Electric Picnic don dara bliain as a chéile i mbliana agus beidh an Ghaeilge “ag croí na féile arís” ar an láthair “Collchoill na Gaeilge” a bheidh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge sa Sráidbhaile ag deireadh an tsamhraidh.
Bhí an-tóir go deo ar spásanna campála sa “nGaeltacht” ag féile na bliana seo caite agus chroch suas le 200 cainteoir Gaeilge a bpuball ann. Bhí an Ghaeilge le cloisteáil i ndá áit éagsúla ag an bhféile féin freisin anuraidh — an Puball Gaeilge, atá á reáchtáil ag Rossa Ó Snodaigh le blianta fada, agus ardán nua Chonradh na Gaeilge, An Chollchoill, a reáchtáladh den chéad uair anuraidh mar chuid den cheiliúradh ar Bhliain na Gaeilge.
Tá cuireadh tugtha arís i mbliana ag Conradh na Gaeilge “do lucht freastail na féile teacht ar strae sa gCollchoill”.
Beidh na ceoltóirí The Shandrum Céilí Band, Dó Fá Dó, agus Oisín Mac Giolla Bhride ar an ardán ann, chomh maith le himeachtaí eile ar nós REIC agus na “cóisire ceilte coille” Dioscó Anocht. Beidh an stáisiún Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ón láthair Ghaelach freisin.
Maidir leis “an nGaeltacht”, an láthair champála do chainteoirí Gaeilge ag Electric Picnic, beifear ag leagan béime ar chúrsaí athchúrsála agus comhshaoil i mbliana. Is í an Ghaeilge a bheidh mar phríomhtheanga labhartha ar an láthair agus í mar aidhm ag lucht a heagraithe “cur le láithreacht na Gaeilge” ag EP.
Tá iomlán na dticéad do Electric Picnic 2019 díolta cheana féin, mar sin is iad do dhaoine a bhfuil ticéad ceannaithe acu cheana féin a bheidh áiteanna sa “nGaeltacht” á dtairiscint. Ní mór an deis a thapú anois agus clárú leis an láthair Ghaelach anseo.
Dúirt Síomha Ní Ruairc, ó Chonradh na Gaeilge, go raibh dea-thionchar ag an gCollchoill agus an láthair champála Ghaelach ar lucht freastail na féile anuraidh agus go bhfuiltear “ag súil le fás agus forbairt an ardáin” i mbliana.
Beidh ardán Rossa Uí Shnodaigh, an Puball Gaeilge, ag Electric Picnic arís i mbliana freisin, agus é lonnaithe san áit ina mbíonn sé chuile bhliain — an Mindfield.
Táthar ag súil le beagnach 60,000 duine ag Electric Picnic 2019, a bheidh ar siúl sa Sráidbhaile i gContae Laoise ag tús mhí Mheán Fómhair.