100+ léaráid le cartúnaí NÓS i leabhar nua faoi Pennys

Seolfar anocht Thanks, Pennys, leabhar nua ina bhfuil na scórtha léaráidí le cartúnaí iomráiteach NÓS, Ciaraíoch. Is í an t-iriseoir Valerie Loftus, as Contae Mhaigh Eo, a scríobh an leabhar a chaitheann súil ghlic ar “chultúr Pennys” in Éirinn. 

Tá os cionn 100 léaráid le Ciaraíoch sa leabhar nua, ar “litir ghrá d’Institiúid Éireannach” í, a dhéantar iniúchadh barrúil ar an gcaidreamh casta atá ag muintir na hÉireann leis an siopa mór éadaí — idir cur síos ar an ainriail a bhíonn i réim sna seomraí feistis agus na hearraí aisteacha a bhíonn le feiceáil i rannóg na n-éadaí cnis. 

Bhain Ciaraíoch a cáil amach ar Twitter ar dtús, mar a bhfuil a saothar uilig le feiceáil, lena cartúin pholaitíochta  agus ghrinn. Thosaigh sí ag tarraingt cartún do NÓS níos luaithe i mbliana agus níorbh fhada go raibh a cartúin ar na míreanna is mó a thaitin le léitheoirí NÓS. Tá an stíl éadrom ach ghéar chéanna aici sa leabhar nua seo, atá ar fáil cheana féin i siopaí leabhar ar fud na hÉireann. 

“Ba mhór an spórt a bheith ag déanamh na léaráidí don leabhar, mar is iontach an acmhainn ghrinn  atá i Val, agus tá a cuid scríbhneoireachta an-ghreannmhar ar fad. Thuigfeadh duine ar bith a bhfuil eolas aige ar an gcaidreamh aisteach uathúil sin atá ag muintir na hÉireann le Pennys na radhairc atá sa leabhar, agus ba mhór an pléisiúr dom an deis a bheith agam na radhairc sin a léiriú,” a dúirt Ciaraíoch. 

Is iriseoir í Valerie Loftus a chaith tréimhse fhada ag obair leis an iris ar líne The Daily Edge sular ceapadh ina heagarthóir ar líne ar an iris stílmhaireachtála Stellar. Tógadh i mBéal an Átha i Maigh Eo í ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath le tamall de bhlianta anuas agus an-chur amach aici ar shaol an duine óig sa gcathair. 

Beidh an leabhar á sheoladh tráthnóna in Eason ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath ag 18.30 agus tá €9.99 ar an leabhar. 

SCÉALTA EILE