Tá os cionn 10,000 cóip den Concise English-Irish Dictionary díolta ó chéadfhoilsíodh an leabhar beagán le cois dhá bhliain ó shin. Ba é an foclóir mór Béarla-Gaeilge seo an chéad fhoclóir dá leithéid a foilsíodh ó cuireadh foclóir cáiliúil Thomáis de Bhaldraithe amach sa bhliain 1959.
Dúirt bainisteoir an tionscadail foclóireachta Cormac Breathnach le NÓS go ndearnadh athchló ar an leabhar mór dearg ó cuireadh amach na chéad 8,000 cóip de i mí Mheán Fómhair na bliana 2020 agus go bhfuil “díol measartha maith” ar an bhfoclóir i gcónaí.
“Tá os cionn deich míle cóip díolta againn le dhá bhliain anuas, tá athchló curtha i gcrích chomh maith, agus tá díol measartha maith i gcónaí air. Ní hionann agus an chéad chúpla seachtain agus an lá atá inniu ann ó thaobh díolacháin de, ach bhí an foclóir go mór i mbéal an phobail náisiúnta ag an am agus spéis á léiriú ag na meáin Bhéarla ann chomh maith le pobal na Gaeilge. D’fhág sé sin go raibh an-díol air sna chéad chúpla seachtain.
“Táimid ag súil le borradh faoin díolachán arís anois agus muid ag teacht i dtreo na Nollag. Féachaimid ar an bhfoclóir mar fhéirín deas Nollag agus tháinig ardú ar an díolachán aimsir na Nollag anuraidh agus arú-anuraidh,” a dúirt Cormac.
Tá beagnach 2,000 leathanach san fhoclóir agus meáchan 2.8kg sa leabhar. Ar na leathanaigh sin, tá 31,000 ceannfhocal Béarla chomh maith le 100 leathanach sa rannóg ‘Language and Grammar Supplement’. Bunaithe ar ábhar an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, atá ar fáil ar líne ag foclóir.ie le beagnach deich mbliana anuas, atá an Concise English-Irish Dictionary.
Tá an obair tosaithe ar an gcéad dá fhoclóir eile a chuirfidh Tionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge amach – is iad sin an foclóir aonteangach Gaeilge-Gaeilge agus an foclóir nua Gaeilge-Béarla (macasamhail FGB 1977). Níl sé i gceist ag lucht an fhoclóra leaganacha clóite de na foclóirí sin a chur amach.