Tá aithne fhorleathan ar Rossa Ó Snodaigh mar cheoltóir, mar chruthaitheoir agus mar fhear a bhfuil féith an ghrinn ann.
Is fada príomhbhobaire Kíla ag ransú le haghaidh focal agus téarmaí suimiúla Gaeilge agus, le cuidiú ó breis.focloir.ie, tháinig sé ar thimpeall leathchéad focal a bhaineann le greann.
“Chuir sé iontas orm an méid focal a bhain le ranna éagsúla de cheird an ghrinn.”
Is cinnte, dá réir sin, go raibh an greann fíorthábhachtach i saolta na nGael a chuaigh romhainn.
“Ón méid is cuimhin liom ó na ranganna faoi stair na Gaeilge, nuair a bhí na ríthe Gaelacha i réim bhíodh filí acu a bhí chomh hoilte le himeartas focal go mbídís in ann dánta molta a scríobh don rí a bheadh á aoradh nó á cháineadh ag an am céanna.
“Deirtear freisin go mbíodh áilteoirí acu a bhíodh in ann foinn a sheinnt tríd a dtóin, le broimeanna.”
Ní féidir linn an cleas áirithe sin a dhéanamh ach is féidir linn cúig cinn de na leabhair is greannmhaire dá bhfuil ar fáil i nGaeilge a mholadh daoibh, le comhairle Rossa.
Seo iad. Oscail na leathanaigh, bí ag léamh, bí ag gáire.
1. An Béal Bocht – Myles Na gCopaleen (An Preas Náisiúnta, 1941)
Tá sé ar cheann de na leabhair Ghaeilge is greannmhaire dá bhfuil scríofa i nGaeilge, agus ceann de na leabhair phróis is fearr.
Aor, muga magadh agus scigaithris ar dhírbheathaisnéisí na nGaeltachtaí, ar stair na hÉireann agus ar lucht athbheochana na Gaeilge.
Buntáiste eile a bhaineann leis ná nach bhfuil ach timpeall céad leathanach i gceist agus gur féidir é a léamh in aon tráthnóna amháin.
2. Amaidí – Ciarán Ó Nualláin (Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, 1951)
Deartháir é Ciarán le Brian Ó Nualláin (Myles na gCopaleen).
Is cnuasach é an leabhar seo d’ábhar ó cholún Chiaráin a foilsíodh sa nuachtán náisiúnta ‘Inniu’, foilseachán a raibh sé mar eagarthóir air.
Cé nár bhain Ciarán an oiread clú amach, ba fhear greannmhar é féin agus is teistiméireacht é an leabhar seo don fhírinne sin.
3. 500 Mallacht Ort – Breandán ‘ac Gearailt (Coiscéim 2007)
Is é atá sa leabhar seo ná sampla do 500 mallacht as Gaeilge.
Deir an t-údar go raibh sé de nós ag na Gaeil na maslaí b’uafásaí a thabhairt gan aon dochar a dhéanamh dá ndínit féin.
Bailiúchán dátheangach de mhallachtaí a bhíodh i mbéal na ndaoine, a leithéid “Nár chacair choíche’, ‘Tochas gan ingne ort’, ‘go n-ithe an cat thú agus go n-ithe an diabhal an cat.’
4. Cliúsaíocht as Gaeilge – Rossa Ó Snodaigh (Coiscéim)
Leabhar é seo atá lán de nathanna luachmhara atá riachtanach más mian leat Gaeilge a labhairt is tú ag bualadh le daoine nó ag bualadh leathair leo.
Clúdaíonn sé chuile ní ó chaochadh súile le duine istoíche go hoscailt do shúile is iad farat ar maidin.
Ní bheidh tú gann ar fhocal in am an ghátair arís.
Baintear gáire as daoine nuair a léann siad an leabhar cé nárbh é an greann a phríomhaidhm.
5. Jócleabhar Beag Bídeach na Gaeilge – Bandaí an tUltach (Coiscéim/OGMIOS, 2011)
Is é atá sa leabhar seo ná bailiúchán de mhíreanna grinn mar a chuala an t-údar iad á rá sna tithe tábhairne i gCúige Uladh.
Scéalta gairide grinn, nua agus sean, i nGaeilge shimplí atá anseo, iad ag dul i bhfad agus i ndeacracht de réir mar a théann tú tríd an leabhar.
Tá an leabhar seo dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge ach ar ndóigh gheobhaidh gnáthléitheoirí na Gaeilge ábhar gáire ann chomh maith.