Tá beart de scoth na leabhar a bhain áit amach ar ghearrliosta Ghradam Uí Shuilleabháin le bronnadh againn ar léitheoir ádhúil amháin, a bhuíochas le hOireachtas na Gaeilge.
Comórtas litríochta de chuid an Oireachtais is ea é Leabhar na Bliana a dhéanann ceiliúradh ar shárleabhair Ghaeilge a foilsíodh le linn na bliana.
Gach fómhar tugtar aitheantas do thogha na leabhar Gaeilge a chuir foilsitheoirí timpeall na tíre chun cinn agus bronntar an onóir speisialta ‘Gradam Uí Shuilleabháin’ ar bhuaiteoir amháin.
Sé leabhar atá san áireamh i mbliana le haghaidh na mórduaise don leabhar is fearr do dhaoine fásta.
Tá €4,000 le buachan mar dhuais don fhoilsitheoir agus €3,000 d’údar an leabhair.
Fógrófar buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin, chomh maith le buaiteoirí na gComórtas Liteartha eile, ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna in Óstán Citywest, 28 Deireadh Fómhair.
Níl le déanamh ach ordóg (Facebook) nó réalta (Twitter) a thabhairt don phostáil seo agus é a roinnt le do chuid cairde le bheith san áireamh don duais iontach seo!
1. I dTír Strainséartha, le Liam Mac Cóil, foilsithe ag Leabhar Breac
An dara leabhar sa tsraith seo le Lúcás Ó Briain (a leanann An Litir) suite in Éirinn agus ar mhór-roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na nIarlaí.
In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain.
Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh ar airm Rí na Spáinne theacht go hÉirinn agus cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh.
Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir.
2. Mise Raiftearaí – An Fíodóir Focal, le Tadhg Mac Dhonnagáin, foilsithe ag Futa Fata
Scéal Antaine Uí Raiftearaí, mac fíodóra a chaill radharc na súl agus é ina pháiste, fidléir a chaith a shaol ag fánaíocht thart ar chontae na Gaillimhe, file a labhair amach, gan fuacht gan faitíos, ar son pobail a bhí brúite bascaithe.
Ar 22 Lúnasa 1798 cuireadh cor nua i saol Mhaigh Eo, contae dúchais Raiftearaí, nuair a tháinig fórsa míle saighdiúir Francach i dtír i gCill Ala, baile beag ar chósta thuaidh an chontae.
Bhí naoi mbliana déag slánaithe ag Raiftearaí an tEarrach sin.
Fiche bliain ina dhiaidh sin, bheadh an file ina bholscaire díocasach ar son gníomhaíochtaí reabhlóideacha in oirthear na Gaillimhe.
Sa gcuntas seo ar shaol an fhile, féachann Tadhg Mac Dhonnagáin le cur síos a dhéanamh ar na heachtraí agus ar na pearsana a spreag Raiftearaí chun véarsaíochta, lena chuid cumadóireachta a chur i gcomhthéacs na tréimhse inar mhair sé agus i gcomhthéacs thraidisiún na filíochta in Éirinn.
3. Ibíotsa, le Labhrás Ó Finneadha, foilsithe ag Cois Life
Téigh go Ibiza ar feadh coicíse agus tá sé romhat amach: lá ar an trá gan náire; cosa go hascaillí; codladh gan dúiseacht ar an tsráid; priocadh na díchéille; aistear an aithreachais; tobac agus ól ar an gcúlráid; tonnadh chun na síoraíochta; agus fiú amháin cá bhfios cé a chasfaí ort?
Bailiúchán de scéilíní fánacha atá sa leabhar seo a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte oileán Ibíotsa.
4. Idir Neamh is Talamh, le Joe Steve Ó Neachtain, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
Coiscéimeanna neamhshaolta i ndubh na hoíche ag coinneáil comhluadair le fear óg ar a bhealach abhaile tar éis céilí; scuaine na marbh ag siúl roimh éirí na gréine; buachaill óg le feiceáil arís ag a dheartháir blianta fada tar éis a bhá, ach i riocht eile – mar a deir an t-údar féin: “mo leagan féin den chineál scéalaíochta a bhíodh ag cur daoine á gcoisreacan féin le linn m’óige.”
Ní síscéalta ná scéalta taibhsí amháin atá sa gcnuasach seo: tá scéalta ann faoi iontais na hóige, faoi uaigneas na seanaoise, faoi theaspach an ghrá. Is suarach an biachlár nach bhfuil éagsúlacht blas air.
5. Sáirséal agus Dill 1947-1981: Scéal Foilsitheora, le Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt, foilsithe ag Cló-Iar Chonnacht
Céard a tharla nuair a tugadh leabhar le hEarnán de Blaghd mar bhronntanas do Mháirtín Ó Cadhain?
Nuair a chuaigh Breandán Ó Beacháin go hÁrainn chun a chuid Gaeilge a fheabhsú?
Nuair a tairgeadh beathaisnéis Sheáin Sabhat do roghnóirí an Chlub Leabhar?
Tá na freagraí sa leabhar seo, a chaitheann géarsholas ar scríbhneoirí, ar litríocht na Gaeilge, ar chúrsaí tráchtála agus tionsclaíochta, ar ghnéithe den státseirbhís, ar pholaitíocht na Gaeilge, agus ar pholaitíocht na hÉireann.
6. Na Comharthaí, le Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac
Suite sna blianta 2008-09 in Éirinn, i bPáras agus sa Tuirc, is úrscéal ar théama na géillsineachta agus na saoirse intinne.
Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú.
Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin.
Neartaithe ag an tuiscint sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil.
Dar leis féin, is avatár aircitíopach é, duine de phór na nGiollaí Rí ó thús aimsire anall, mar a bhí Círon oide Odysseus, Hephaestion compánach Alastair Mhóir, agus fiú Iósaf leasathair Íosa.
Ach, trína lorgaireacht phearsanta sa ghéillsine agus sa chinniúint, tá cumhachtaí dorcha á scaoileadh aige, cumhachtaí a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nua-aoiseach.