Tá pobal léitheoireachta na Gaeilge ar bís faoi ‘Cluiche na Corónach’, leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil leabhar agus theilifíse, ‘Game of Thrones’.
Bhí deis ag Eoin P. Ó Murchú labhairt le hOisín Ó Muirthile agus dul isteach go mion sa scéal faoin éacht aistriúcháin seo a bhfuil thart ar 330,000 focal ann!
Labhair siad faoin úsáid a bhain Oisín as an aistriúchán Spáinnise, faoi charachtair áirithe a bheith ag labhairt le blas Ultach agus faoin bhféidearthacht go scríobhfaidh Oisín bunleabhar fantaisíochta Gaelainne dúinn amach anseo!
Cén cineál cúlra atá agat, a Oisín?
Luimníoch mé, 19 mbliana d’aois, agus mé sa dara bliain i gColáiste na Tríonóide ag déanamh staidéir ar an Luath- agus Nua-Ghaeilge.
Is é Cluiche na Corónach an chéad aistriúchán de mo chuidse a cuireadh i gcló, ach tá písíní de leabhair eile aistrithe agam as mo stuaim féin, ar nós Dath na Draíochta le Terry Pratchett agus An Chaor Aduaidh le Philip Pullman, mar chaitheamh aimsire.
Ba bhreá liom níos mó aistriúcháin liteartha a dhéanamh amach anseo, cinnte!
Cé mhéad ama a ghlac sé ort? Roinnt mhaith mílte uair a chloig ar a laghad, glacaim leis!
Is deacair an cheist seo a fhreagairt, toisc nach ndearna mé ach giotaí beaga a aistriú ó am go chéile.
Bhí mé sa 6ú bliain ar an meánscoil nuair a rinneas an chuid is mó den aistriúchán, ach lean an phrofáil ar aghaidh tríd an samhradh tar éis na hArdteiste agus níos déanaí ina dhiaidh arís, go cinnte.
Déarfainn bliain go leith go neasach, ach scaipeadh an obair thar thréimhse ní b’fhaide ná sin, b’fhéidir.
Ollphéist de shaothar a bhí ann!
Cén líon focal atá san aistriúchán?
Níl cóip leictreonach den dréacht deireanach agam, faraor, ach bhí thart ar 330,000 focal sa chéad dréacht iomlán a chuir mé chuig Darach agus Leabhar Breac.
Tá thart ar 298,000 sa bhunleagan, mar sin is léir go ndeachaigh an leabhar i méid san aistriúchán.
Tríd is tríd, aistriúchán ar chaighdeán an-ard atá ann, feictear dom. Ní shásófar gach éinne riamh maidir le ceist na n-ainmneacha. Cén chomhairle a lean tú óna dtaobh sin?
Is maith an deis dom anois ceist na n-ainmneacha a shoiléiriú do na léitheoirí, is dócha!
Tá tuairimí éagsúla ag gach éinne, cinnte, faoin dóigh is cirte agus is dílse ainmneacha agus logainmneacha a thiontú (nó gan iad a thiontú in aon chor) in aistriúchán ar bith, ach is é seo a leanas an treoir a cheapas féin agus ar chloíos léi tríd is tríd:
Tugtar an Chomhtheanga ar an teanga a labhraíonn muintir uile Iartharais, agus labhraítear teangacha eile (Vailéiris, Dothráicis, Teanga Oileáin an tSamhraidh) i gceantracha eile an domhain.
Sa bhunleabhar, úsáidtear an Béarla chun an Chomhtheanga a léiriú ar bhealach sothuigthe don lucht léitheoireachta.
Mar sin, mar a fheicimse é, níl aon ainm in Iartharas ina fhíorfhocal Béarla, ach is aistriúchán Béarla é ar ainm sa teanga a dtugtar an Chomhtheanga uirthi, nár chum George R. R. Martin de cheal suime agus cumais sa teangeolaíocht.
Luaigh sé a leithéid, sílim, in agallamh éigin.
I malairt focal, ní hiad Eddard Stark, Jon Snow, Winterfell, King’s Landing srl. na bunainmneacha i gComhtheanga Iartharais, ach leaganacha Béarla díobh ionas gur féidir linne iad a thuiscint.
Dá bharr, ní mór gach aon ainm sa Chomhtheanga a thiontú go sprioctheanga an aistriúcháin má táthar ag iarraidh a bheith dílis do dhomhan na sraithe.
Ní bheadh Gaelainn curtha agam ar an domhan go léir dá bhfágfainn “Winterfell” mar a bhí, nó sloinnte na dtuilithe (Snow, Waters, Stone srl.) toisc go mbeadh Gaelainn agus Béarla araon in úsáid ag an aon am amháin chun an Chomhtheanga a léiriú.
Sin í an chúis gur cuireadh leagan Gaelaithe ar gach aon ainm in Iartharas.
Anois, ní úsáideann Martin an Béarla chun na teangacha eile a chur in iúl: ní focail Bhéarla iad khal, khaleesi ná rakh haj, agus is léir gur tógadh ó theangacha eile Quhuru Mo, Tycho Nestoris, Quaithe, Chataya, Drogo, Jhiqui srl.
Mar sin, níor Gaelaíodh aon ainm dílis ó Oirthearas ná aon fhocal i nDothráicis.
Cuireadh Gaeilge ar ainmneacha Vailéirise na dTairgéirianach agus a ngaolta toisc gur thángadar go hIartharas agus gur thosaíodar ag labhairt na Comhtheangan i stair na sraithe.
Is Gall-leagan d’ainmneacha Vailéirise iad ainmneacha na muintreacha Vailéaracha uile a lonnaigh in Iartharas – mar shampla Daenerys, Velaryon, Balerion.
Cuir i gcás “Targaryen”, fiú: ghlac David J. Peterson, a chum an Dothráicis agus an Vailéiris don tsraith teilifíse, leis gur Gall-leagan é sin de “Targārien”.
Mar sin, is cuí leagan Gaelaithe a chumadh sa chaoi chéanna ar cumadh an leagan Béarla.
Anuas air sin, déanann sé ciall go mbeadh leagan athchóirithe sa Chomhtheanga (Béarla nó Gaeilge) orthu freisin, toisc go mbeadh trácht ar a leithéid seo d’ainmneacha go rímhinic in Iartharas i ndomhan na sraithe toisc na Vailéaraigh a bheith i réim.
Deirimid an Bhanríon Eilís agus Séarlas Rí i nGaelainn, mar shampla, seachas an Bhanríon Elizabeth agus an Rí Charles.
An prionsabal céanna atá ann.
Cuireadh Gaelainn ar logainmneacha móra thar sáile freisin (an Pheantóis, an Cháirt, an Bhrabhóis) toisc go mbeadh méistirí an Dúnfoirt á bplé sa Chomhtheanga i ndomhan na sraithe.
Déantar an rud céanna san fhíordhomhan: cuir i gcás ainmneacha Gaelaithe mórchathracha amhail Páras, Moscó, Béising, Nua-Eabhrac srl.
Fágadh logainmneacha Dothráicise mar a bhí (Vaes Dothrak, Vaes Tolorro) toisc nach mbeadh cur amach ag muintir Iartharais orthu, sa chaoi chéanna a bhfágtar an chuid is mó de mhion-logainmneacha nach gcloistear fúthu go minic ina mbunteanga.
Maidir leis an teideal, cén chúis a bhí leis thar aistriúchán níos dílse?
Nuair a thosnaíos amach, “Cluiche Ríchathaoireacha” an teideal a thugas air, a bhí iomlán dílis don Bhéarla “A Game of Thrones”.
Mar sin féin, cinneadh go gairid nach raibh cuma dheas ar an nginideach iolra gan an t-alt, mar sin méadaíodh é go
“Cluiche na Ríchathaoireacha”.
Is éard a tharla ansin, áfach, ná go raibh an teideal rófhada don chló, agus athraíodh é chuig “Cluiche na gCorónach”.
Ansin thuigeamar nach raibh gá leis an iolra in aon chor, agus gurbh fhearr cuma “Cluiche na Corónach”.
Sílim féin gur fearr an teideal anois, agus imreoirí uile an chluiche sa tóir ar an aon choróin/ríchathaoir amháin, .i. an Ríchathaoir Iarainn.
Measaim freisin gur úsáideadh an t-ainmfhocal iolra gan an t-alt (of Thrones) i mBéarla toisc go mbeadh cuma uafásach ar an teideal leis an alt nó leis an uimhir uatha (A Game of a Throne, A Game of the Throne, A Game of the Thrones) sa teanga sin.
Thaitin an fhuaim liom freisin!
Is cosúil go bhfuil an fhoirm tháite/seantabharthach in úsáid agat le blas níos sine a chur ar chúrsaí: ‘ar láimh’, ‘an bhfuilir’, ‘an rabhais’, ‘bhíos’. Tá ‘anso’ i mbéal roinnt carachtar, leis. Cad eile a rinne tú ó thaobh canúintí de?
Úsáidim féin an fhoirm tháite i mo chuid cainte i gcónaí, mar sin is dócha gur shleamhnaigh an claonadh sin isteach i mo chuid scríbhneoireachta i ngan fhios dom féin, fiú.
Cinneadh eagarthóireachta ab ea foirmeacha an Tabharthaigh uatha a chur isteach, díreach chun cuma na hársaíochta a chur ar chuid den chaint toisc gur minic a bhí cuma nua-aimseartha uirthi nár fheil do shuíomh na sraithe.
Bhí níos mó éagsúlachtaí i gcaint carachtair áirithe i ndréachtaí luaithe, cuir i gcás canúint láidir Iarthar Uladh chun caint na bhfianlach a léiriú, ach cailleadh cuid mhaith de sin san eagarthóireacht ar chúis éigin nach fios dom féin, fiú.
Úsáidtear canúint sách neodrach ar an iomlán (b’fhéidir go bhfuil tionchar na Mumhan ann ó am go chéile) sa chaoi chéanna a n-úsáidtear teanga neodrach sa Bhéarla.
Bhí spraoi éigin le caint roinnt carachtar, ar nós Syrio Forel, a bhogann codanna áirithe den abairt timpeall ina chuid cainte, nó Mórdha, Séiléir Nead an Iolair, a labhraíonn le drochghramadach.
Beidh éagsúlacht níos mó sna canúintí le haithint i leabhair eile na sraithe, sílim, má chuirfear iad i gcló in aon chor! An bhfuil tú sásta leis an aiseolas? Bhí cur is cúiteamh maidir le ‘Seán an tSneachta’ ar Twitter agus amhras faoi ‘Criún’, ach is dócha go mbeadh dream eile ag gearán dá mba ‘Jon Snow’ a bhí ann.
Ní thuigimse an rírá sin ar fad maidir le Seán an tSneachta! Mar a luaigh mé, ní raibh mé sásta aon ainm sa Chomhtheanga a fhágáil mar a bhí.
Tugtar Seán ar John go forleathan mar ainm Gaelaithe air, mar sin caithfidh nach bhfuil fadhb ag éinne leis sin.
Rinneadh sloinnte na dtuilithe a aistriú go dtí an sprioctheanga i roinnt mhaith aistriúchán (Jon Nieve na Spáinnise, Jon Schnee na Gearmáinise, Jon Kar na Tuircise), agus déanann sé ciall go ndéanfaí amhlaidh toisc go mínítear sa scéal an chúis go bhfuil gnáthfhocail a bhaineann lena gceantar dúchais mar shloinnte acu in ionad fhíorshloinnte na gclann dlisteanach.
Anuas air sin, bhí roinnt léitheoirí míshásta leis an leagan Fraincise nár aistrigh na sloinnte áirithe seo (Jon Snow seachas Jon Neige atá acu), toisc go gcailltear ciall an ainmnithe agus an Béarla fós in úsáid.
Is fíorshloinne é “an tSneachta” i nGaelainn, dála an scéil, a bhailigh an tAthair Patrick Woulfe (Sloinnte Gaedheal is Gall: Irish Names and Surnames, 1923), mar sin ní fheicimse locht ar bith leis!
Bhí deacracht éigin ag baint le direwolf a aistriú, agus tuigim go pointe an chúis nach bhfuiltear iomlán sásta leis, ach theastaigh uaim tacaíocht a thabhairt do “chriún” (ón tSean-Ghaelainn criun) mar théarma i bhfantaisíocht na Gaelainne agus é úsáidte cheana ag Nicholas Williams in An Hobad mar aistriúchán ar warg Tolkien (a baineadh ó vargr, “faolchú” na hIoruaise), atá an-chosúil le direwolf Martin.
Bhí an deacracht chéanna in aistriúcháin eile, sílim, iad ar fad i bhfad níos laige ná direwolf an Bhéarla, mar shampla (lobo) huargo (ó warg Tolkien) na Spáinnise, loup-garou (conriocht) na Frainicse, Schattenwolf (faolchú scátha) na Gearmáinise, metalupo (sárfhaol nó meitea-fhaolchú, go bhfóire Dia orainn!) na hIodáilise, lobo gigante (faolchú ollmhór) na Portaingéilise, 冰原狼 (faolchú oighir) na Sínise srl.
Measaimse féin nach dtugann aon cheann díobh sin a cheart don bhunfhocal. Ní bheinn sásta le “faol mór” nó “scáthfhaol” mar fhocail ach oiread – cuma ait orthu – mar sin chloíos le criún.
An bhfuil tú chun tabhairt faoi na leabhair eile a aistriú?
Táim breá sásta leanúint ar aghaidh leis an tsraith, ach braitheann sé go mór ar an éileamh a bheidh orthu. Má tá lucht léitheoireachta na Gaelainne ag iarraidh a thuilleadh a léamh faoi na Seacht Ríocht agus faoin Aos Alltair i nGaelainn, raghad ar aghaidh leo. Tá cuid den dara leabhar tiontaithe agam cheana féin, mar atá an scéal, ach fanfaidh mé ar a thuilleadh aiseolais i dtaobh Cluiche na Corónach sula ndéanfad níos mó de.
An raibh aon teagmháil agat leis an údar nó an bhfuil sé ar an eolas faoin aistriúchán seo? An raibh comhairle ann go raibh ort é a leanúint nó an raibh cead do chinn agat?
Ní rabhas i dteagmháil le Martin in aon chor, faraor – tá súil agam go bhfuil sé róghnóthach le The Winds of Winter!
Bhíos i mo chadhan aonair ag aistriú, agus mé ag brath go mór ar na haistriúcháin Spáinnise agus Fraincise agus ar an vicí ar líne chun ciall a bhaint as codanna áirithe den bhuntéacs.
Déanta na fírinne, bhí cuid den chéad dréacht bunaithe go díreach ar an aistriúchán Spáinnise, in ionad ar an mBéarla, fiú, toisc gurbh fusa dom teanga shothuigthe na Spáinnise a thiontú go Gaelainn ná an Béarla measartha teibí ag an am sin!
Ba thubaisteach an cinneadh é, dála an scéil, agus bhí orm dul siar ar chuid mhaith den obair agus dílseacht don bhuntéacs a chinntiú i ndiaidh dom dul i dtaithí ar phróiseas an aistriúcháin.
An ndearna tú mórán taighde ar na hainmneacha? Cé na foinsí a bhí in úsáid agat? Cé na foinsí ba thábhachtaí duit go ginearálta fiú ó thaobh teanga?
Rinneas an-chuid taighde, cinnte. Thóg sé tamall fada orm aistriúcháin shásúla a cheapadh, agus bhí an-chuid céimeanna i gceist leis.
Cuir i gcomórtas na leaganacha thíos chun an fhorbairt a tháinig ar mo chuid smaointeoireachta i ndiaidh dom tuilleadh taighde a dhéanamh ar shanasaíocht na n-ainmneacha agus ar nósanna ainmnithe na Gaelainne:
– Bran(don) Stark > Breandán Ó Lomáin > Bran(án) Stairc (shíleas gur fearr Gaelú a dhéanamh ar Stark seachas é a aistriú ionas go mbeadh sé so-aitheanta go fóill; freisin, ba thábhachtach “Bran” a bheith ann toisc go gciallaíonn an t-ainm “fiach dubh”)
– Cersei Lannister > Circé Lannastair > Sorsaí Lannastair > Soirse Lanastair;
– Benjen Stark > Beircheart Ó Lomáin > Beinseán Stairc > Beineán Stairc (fíorainm is ea Beineán, agus é níos nádúrtha ná “Beinseán”)
– Casterly Rock > Cloch Chastarlaíoch > Carraig Chaistéil (caistéal = caisleán, cf. Castel Granito na hIodáilise)
– Storm’s End > Críochanfa > Dún Lagair (cf. Accalmie na Fraincise)
– Harrenhal > Halla Hearráin > Halla Eaghráin (fíorainm Gaelach is ea Eaghrán, agus an leagan Béarla Harren/Haran air uaireanta)
–King’s Landing > Ríthuirlingt > Port an Rí (cf. Port Réal na Fraincise)
Nílim ag maíomh go bhfuil aon cheann de na leaganacha deiridh seo foirfe, ach is cinnte gur fearr i bhfad iad ná na leaganacha a bhí agam ag an tosach – is náireach cuid acu, i ndáiríre!
Rinneas mo dhícheall fíorainmneacha Gaelacha a úsáid san aistriúchán, agus níor thugas aghaidh ar an gcumadóireacht ach amháin nuair ba ghá.
Léas an-chuid seanscéalta agus scéalta béaloidis ag lorg ainmneacha oiriúnacha (msh. Maighnéis ar Minisa, Fraoch ar Frey, Beineán ar Benjen, Padhra(ic) ar Pod(rick), Duibheasa ar Dacey, Ránaillín ar Renly, Séanait ar Shae, Feoras ar Boros srl).
Ba dheacra ainmneacha áirithe ná cinn eile: níor mhór an dua Eideard, Raib agus Síleas a ghoid ó Ghaeilge na hAlban do Eddard, Robb agus Selyse, ach bhí an-deacracht agam le cinn eile ar nós Theon agus Cersei go dtí gur thréig mé ródhílse an Bhéarlachais agus chuaigh i muinín na cruthaitheachta – mar shampla, ceaptar go mbaineann Theon le theós, “dia” na Gréigise, mar sin spreag “diaga” cruthú an ainm Diagán.
Fuaireas an-chuid de na sloinnte ó chnuasach an Athar Peter Woulfe, mar a luas cheana, agus rinneas mo dhícheall gan aon sloinne a chruthú murar ghá. Fadhb mhór a bhí ann córas measctha an Bhéarla a thiontú go córas sinsearachta na Gaelainne.
Faightear sloinnte go minic i mBéarla a thagann ó shlite beatha (Smith, Taylor, Glover) agus ó logainmneacha (Greenfield, Marsh, Blackwood), ach is annamh a fhaightear iad i nGaelainn.
Tá againne, den chuid is mó, ainmneacha le “Ó/Ní”, le “Mac/Nic” agus le “Mac an/Nic an + gairm”, mar sin rinneas a leithéidí de shloinnte as cuid mhaith de na hainmneacha (m.sh. Ó Damháin < Tallhart, Mac Carramhna < Caron, Nic an Úmadóra < Heddle srl.).
Cuirid le doimhneacht an leabhair ina iomlán, agus sílim go gcuidíonn sé leis an léitheoir dearmad a dhéanamh ar an mBéarla agus domhan Iartharais féin a shamhlú.
Is fuirist don Ghaeilgeoir a rá gur fearr an leagan Béarla ar ainm dílis a fhágáil mar atá toisc go bhfuil Béarla ar ár dtoil againn go léir, ach sílim féin gur tábhachtach aistriúcháin dá leithéid seo chun neamhspleáchas na teangan a chruthú agus a threisiú.
Sin mo thuairimse ar aon nós!
Cé na haistriúcháin eile Ghaeilge a thaitin leat?
Thaitin An Hobad go mór liom, go háirithe cuid de na haistriúcháin a rinne Williams ar na logainmneacha agus ar na hainmneacha dílse, m.sh. Biolbó Baigín, Sléibhte an Cheo, Gleann na Scoilte.
Tá na rainn go haoibhinn aige, freisin, agus rithim álainn leo.
Ní raibh an deis agam Harry Potter agus an Órchloch a léamh go fóill.
Chaitheas súil ar An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh le déanaí, agus shíleas go raibh cuma álainn air.
Cén bunleabhar Gaeilge is fearr leat?
Ní fheadar an bhfuil aon leabhar amháin ann!
Is dócha gurb iad Peig agus An tOileánach na cinn is ansa liom, mar cuirid saol mo sheantuistí i gcuimhne dom.
Tá leabhairín beag ann, freisin, dar teideal An tÉan Cluana, agus bhain mé fíorthaitneamh as sin.
Cén meas atá agat ar leithéidí An Litir? An bhféadfaí bunleabhar mar GOT a scríobh sa Ghaeilge?
Ba é An Litir ceann de na leabhair a spreag mé chun dul leis an aistriúchán, mar gheall ar an scéal.
B’aoibhinn liom an leabhar sin ó thosach deireadh agus mé á léamh – eachtraí, cealg, rúin. Iontach ar fad!
Agus tá an fhoighne chun deiridh agam agus mé ag feitheamh ar an tríú leabhar sa tsraith sin!
Sílim go bhfuil bearna ann don fhantaisíocht i nGaelainn, agus léitheoirí anois chomh tógtha léi ar fud an domhain inniu mar gheall ar leithéidí GOT, Tiarna na bhFáinní, Roth an Ama srl.
Is ait nach ndeachaigh an seánra seo i bhfeidhm ar Ghaeilgeoirí roimhe seo, agus na seanscéalta go léir lán d’eilimintí tipiciúla na fantaisíochta, ach tá foinsí iontacha ann i nGaelainn agus sa tSean-Ghaelainn ar féidir le scríbhneoirí úra inspioráid a tharraingt uathu anois agus bunsaothair fantaisíochta i nGaelainn a chumadh amach anseo.
Ba bhreá liom a bheith i mo dhuine díobh, ach tá neart ama agam chuige sin go fóillín!
Tá Cluiche na Corónach le ceannach anseo.
Más mian le daoine go ndéanfar na leabhair eile a aistriú bímis á léamh agus á cheannach mar bhronntanas Nollag!