Tá an-chuid le moladh faoin úrscéal ficsean eolaíochta Gàidhlig, Air Cuan Dubh Drilseach, leis an cheoltóir punc Tim Armstrong, agus ní díreach an clúdach amháin…
Ní ar a chlúdach is fearr leabhar a mheas a deirtear go minic. Caithfidh mé a rá gurbh fhiú go mór an leabhar áirithe seo a mheas ar an gcritéir sin áfach.
Is é atá ann ná farraige dhubh an spáis lasta ag réaltaí drithleacha faoi mhaisiú shliseanna ríomhaireachta. Is é a chéadmheall i dtreo an leabhair mé.
Foilsithe ag CLÀR sa bhliain 2013, maítear gurb é Air Cuan Dubh Drilseach (Ar Fharraige Dhubh Thrilseach) an chéad leabhar cruafhicsean eolaíochta do dhaoine fásta sa Ghàidhlig.
Fíonn an scéal gnéithe den cheoldráma spáis, den rómánsaíocht, agus d’eachtraí bóthair bhanna ceoil agus blas den chibearphunc caite anuas air ar fad. Is mór an méid é sin!
Léirítear ardsibhialtacht uathlathach agus sárchaipitlíoch ann a bhfuil an teicneolaíocht ag déanamh dul chun cinn millteanach le daoine cibirniticeacha agus modhnú géanóm. Is cosúil go bhfuil Tim Armstrong ag tarraingt ar a thaithí féin leis seo ar fad; bitheolaí, sochtheangeolaí, agus iarbhall de bhanna punc-cheoil Ghàidhlig atá ann.
Ar an gcéad dul síos is gá dom a admháil nach bhfuil Gàidhlig líofa agam.
Tá seachtain caite agam á foghlaim i Sabhal Mòr Ostaig, tá ailt á léamh agam le blianta agus caithim súil ar fhilíocht Shomhairle Mhic Gill-Eain ó am go chéile. Ainneoin sin ní raibh úrscéal léite agam inti roimhe seo.
Is cosúil go bhfuil canúintí éagsúla na hAlban in úsáid sa leabhar do charachtair éagsúla, caithfidh mé a admháil nach raibh mé in ann sin a aithint ach corruair; mar shampla is Gaeilge na hÉireann a labhraítear in áit amháin.
Tá Béarla ag cúpla carachtar ann chomh maith agus cuirtear sin os ár gcomhair ‘In Dios Cadhaind ubh uaié’ (In this kind of way), rud atá ábhar níos deacra nuair is ortagrafaíocht na hAlban atá ann!
Ropann an scéal féin ar aghaidh le heachtraí a chuirfidh buairt agus neirbhís ort. Amanna bíonn radharcanna uafáis ann, amanna eile cinn ghreannmhara. Tá teitheadh ann, ansmacht, olcas agus pláinéid úra is gach cineál carachtair agus béiste á líonadh.
An rud is tábhachtaí ná go bhfuil scéal maith taobh thiar de agus go dtagann eachtraí rialta ar an mbealach sin dúinn, tá go leor foscéalta le suim a choinneáil agus ár ndóthain mionsonraí le creidiúint sa chruinne seo.
Ar feadh tamaill agus an leabhar seo á léamh agam bhí fonn orm a aistriú de bharr go bhfuil sé chomh taitneamhach sin! Tar éis tamaill smaoiníos gurbh fhearr a fhagail gan a aistriú go Gaeilge. Is leor an leabhar seo mar chúis go gcuirfeá an dua beag breise ort féin canúint na hAlban a fhoghlaim.
Shamhlófá go bhfuil leabhar a bhíonn ag plé le hardteicneolaíocht casta go maith ach ní hamhlaidh atá. Cé go raibh go leor focal nach raibh mé cinnte cén chiall a bhí leo ag an tús tháinig mé isteach air agus is féidir an t-iomlán a thuiscint gan gach uile fhocal a bheith agat.
Tá lochtanna áirithe ar an leabhar, caithfidh mé a rá nach raibh mé róthógtha leis an traslitriú úd, aistrigh go Gaeilge nó fág sa Bhéarla é.
Anuas air sin bhí cineál de bhéist ann, an leathchrogall agus bhraitheas deacair crediúint ann go dtí go míníodh nascadh idir génóim daoine agus crogall níos faide ar aghaidh. Is éasca glacadh lena leithéid nuair a dhéanann Armstrong cur síos údarásach ar ardteicneolaíocht a chuirfidh scanradh do bheatha ort agus a fhágfaidh le ceisteanna tú go ceann seachtainí!
Is féidir nár thug mé an leabhar ar fad liom. D’fheabhsaigh mo thuiscint ar Ghaeilge na hAlban as cuimse ar léamh an leabhair dom. Tá sé i gceist agam a léamh arís agus tabhairt faoi leabhair eile mar é, más ann dóibh. Is trua nach bhfuil a lethéid againn, ach tá súil agam go dtabharfaidh duine dár scríbhneoirí féin faoina leithéid?
Ba mhór an feabhas dár litríocht leabhair chomh dea-scríofa taitneamhach seo a bheith ann.
Seo tiontú ar bhlurba an leabhair agus is deacair gan aontú leis.
Is scéal eachrúil, spórtúil atá anseo, ach ceann a chuireann ceisteanna móra leis, maidir le nósanna, polaitíocht agus teicneolaíocht agus ar deireadh thiar thall, ceisteanna maidir le nádúr an chine dhaonna féin, cé sinn agus céard atá i ndán dúinn san am atá le teacht?
Tá Air Cuan Dubh Drilseach ar fail ó gaelicbooks.org
Mura bhfuil mórán de chleachtadh ar Ghaeilge na hAlban agat mholfainn dul chuid An Litir Bheag a chuireann an BBC ar fáil.
Is féidir leabair eile a mholadh don léirmheastóir @murchadhmor