Rinne an t-aistritheoir Antain Mac Lochlainn éacht anuraidh nuair a chuir sé Gaeilge ar an leabhar The Horse and His Boy le CS Lewis. Ní haon gníomh as an ngnách d’aistritheoir leabhar a aistriú, cinnte, ach is fíor-annamh a aistrítear sraith leabhar i nGaeilge, go háirithe sraith leabhar atá chomh cáiliúil céanna le Croinicí Nairnia.
Tá pobal na Gaeilge ag fanacht 16 bliain anois ar an dara leabhar sa tsraith Harry Potter agus níl tásc ná tuairisc ar an gcéad imleabhar eile in Game of Thrones go fóill. An chéad mholadh atá dlite ag Mac Lochlainn as an saothar seo, mar sin, ná é a aistriú ar chor ar bith!
Ba chineál ‘Narniac’ mé agus mé níos óige, agus tá na seacht leabhar Béarla ar mo leabhragán go fóill. Bhí áthas orm, mar sin, nuair a foilsíodh An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh cúpla bliain ó shin, agus níos mó áthais fós orm nuair a foilsíodh An Capall agus a Ghiolla ag deireadh na bliana seo caite.
Is é An Capall agus an Giolla an leabhar ba mhó a thaitin liom sa tsraith agus mé níos óige, mar gheall ar a dhifriúla is atá an scéal leis na leabhair eile i gCroinicí Nairnia. Ní gasúir ard-aicmeacha Shasana atá ina bpríomhcharachtair sa leabhar seo, ach sclábhaí óg as tír atá bunaithe ar an domhan Arabach s’againne.
Tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil saothar CS Lewis sáite i seanchas na Críostaíochta agus meafair agus siombailí an reiligiúin fite fuaite tríd na leabhair uilig. Tá an ghné sin ann sa leabhar seo gan aon agó, ach níl an tionchar Críostaí baileach chomh soiléir ná follasach sin sa scéal seo, rud a chuireann leis.
Tá gasúir na linne seo ag fás aníos agus leithéidí Wonder Woman, Captain Marvel, Black Widow ar na scáileáin mhóra, agus carachtair ar nós Katniss Everdeen, Tris Prior agus fiú Hermione Granger. Chuirfeadh an chaoi a gcaitear leis na cailíní Susan agus Lucy in An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh isteach ar go leor cailíní óga (agus a dtuismitheoirí) — luaitear go sonrach nach bhfuil cead acu páirt a ghlacadh i gcath mór an leabhair mar gur cailíní iad.
Ach a mhalairt ar fad atá ann in An Capall agus a Ghiolla a bheadh ceannródaíoch inniu féin agus duine de phríomhcharachtair an scéil, Aravios, ina hArabach óg mná atá láidir agus ceanndána, a phléann cúrsaí polaitíochta a tíre agus smaointe feimineacha lena beirt chairde ar mná iad freisin.
Bogann an scéal seo ar aghaidh go sciobtha agus cé go bhfuil gnéithe de dhraíocht Nairnia le sonrú ann ó am go chéile, níl an oiread sin den osréalachas le brath sa leabhar agus is cosúla é le leabhar eachtraíochta lonnaithe sa domhan s’againne féin ná na leabhair eile sa tsraith.
Maidir leis an aistriúchán féin, is deacair locht a fháil ar shaoi sin na Gaeilge, Antain Mac Lochlainn. Bheartaigh sé arís eile sa leabhar seo ainmneacha na gcarachtar a Ghaelú, rud a tharraingíonn go leor cainte i measc lucht an aistriúcháin i gcónaí ach cleachtas nach bhfuil col mór agam féin leis. Tá an teanga ábhairín níos casta in An Capall agus a Ghiolla ná mar a bhí in An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh, ach tá an réim sin teanga ag teastáil leis an scéal a inseacht.
Bainfidh duine fásta sult as An Capall agus a Ghiolla, chomh maith le léitheoirí láidre atá sna déaga luatha, ach b’fhéidir go mbeadh cúnamh ag teastáil ó pháistí eile an “scéal do pháistí” seo a léamh.