Tugadh ‘aitheantas speisialta’ don úrscéal Madame Lazare leis an údar agus foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin in Paris na Fraince oíche Dé hAoine ag Gradam Liteartha an Aontais Eorpaigh. Is é Madame Lazare an chéad úrscéal ó pheann Thaidhg, ar leis an comhlacht foilsitheoireachta Futa Fata agus an t-inphrionta Barzaz ar an Spidéal, agus is é an chéad leabhar Gaeilge a ainmníodh do Ghradam Liteartha an AE riamh.
“Is rímhór agam an onóir seo, ar an gcéad dul síos a bheith ainmnithe thar ceann na hÉireann agus anois a bheith roghnaithe i measc na n-údar don aitheantas speisialta seo. Ceann de na príomh-aidhmeanna atá leis an EUPL ná leabhair a chur á léamh taobh amuigh de na tíortha agus na pobail teanga inar scríobhadh iad. Fíorú aislinge a bheadh ann dom a leithéid sin a fheiceáil ag tarlú le Madame Lazare,” a dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin.
Ceithre leabhar déag as ceithre thír déag a bhí san iomaíocht don ghradam mór, agus bronnadh an ‘t-aitheantas’ speisialta’ ar sheisear údar: Tadhg féin as Éirinn; Gaea Schoeters, as an mBeilg; Slađna Nina Perković, as an mBoisnia agus an Heirseagaivéin; Jacobo Bergareche, as an Spáinn; Eugenia Kutznetsova, as an Úcráin; agus Iva Pezuashivli, as an tSeoirsia, a thug léi craobh an chomórtais mhór dá úrscéal Gბუნკერი (Siúit Bhruscair).
“Is scéal é faoi bheirt bhan, an bhean óg Levane a tógadh ina Giúdach i bPáras agus a seanmháthair a thóg í. An tuiscint a bhí ag Levane ó bhí sí óg ná gur as tuaisceart na hEorpa a seanmháthair agus gur theith sí ó na Naitsithe aimsir an Chogaidh, gur maraíodh gach aon duine a bhain léi sa gcogadh, gur tháinig sí féin slán agus nach raibh sí ag iarraidh a bheith ag caint faoi. Ach i ndeireadh a saoil éiríonn an tseanbhean, Madame Lazare, cineál scaipthe ina hintinn agus tosaíonn blúirí eolais ag teacht uaithi a thugann le fios do Levane go bhfuil gach rud atá inste ag an tseanbhean di faoina hóige bréagach.
“Is leabhar é faoi chúrsaí cuimhne, na rudaí a gcuimhníonn daoine orthu, nach rudaí nach bhfuil daoine ag iarraidh a bheith ag cuimhneamh orthu, agus an chaoi a dtagann rudaí aniar ó chúl na cuimhne, uaireanta i ngan fhios do dhaoine agus uaireanta in ainneoin a gcuid iarrachtaí rudaí a choinneáil faoi chois,” a dúirt Tadhg agus í ag cur síos ar a chéad úrscéal.
Bhuaigh an saothar Gradam Liteartha an Oireachtais in 2020 agus Leabhar na Bliana ag Gradaim Leabhar an Phoist in 2021.
Is féidir Madame Lazare a cheannach ó Barzaz anseo.