An Billiúnaí Beag

Tá dhá chóip den leabhar álainn, An Billiúnaí Beag, le bronnadh againn ar bheirt léitheoirí ádhúla, a bhuíochas le Futa Fata, foilsitheoir an leabhair.

Agus cáil ar éachtaí Joe Spud ar fud an domhain, tá in am againn aithne a chur ar Joe Práta!

An tseachtain seo, mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge Futa Fata, seolfar An Billiúnaí Beag, leagan Gaeilge den leabhar do pháistí An Billionaire Boy le David Walliams.

Foilsíodh an leabhar rathúil seo den chéad uair in 2010 agus tá sé ar fáil anois i mbreis agus 46 teanga éagsúil.

Is í Máirín Ní Mhárta a chuir Gaeilge ar An Billiúnaí Beag, an 7ú leabhar atá aistrithe aici do Futa Fata le roinnt blianta anuas.

Idir chaoineadh agus gháire, beidh na deora ag sileadh agus an scéal seo faoi Joe Práta á léamh ag daoine óga.

Leaid óg 12 bhliain d’aois é Joe agus tá sé lofa le hairgead.

Tá na milliúin agus na trilliúin euro ag Joe.

Tá teilifíseán plasma 100 orlach i ngach seomra sa teach aige, tá ráschúrsa grand prix ar chúl an tí aige, níl sé gann ar thada, ach rud amháin: cara….

Le bheith san áireamh don duais iontach seo, níl le déanamh ach an ordóg a thabhairt don leabhar snasta ildaite seo agus é a roinnt ar na meáin shóisialta!


Beidh An Billiúnaí Beag á sheoladh mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge ag ócáid speisialta i siopa leabhar Eason, Sr. Uí Chonaill Dé Máirt seo chugainn, 7 Márta ag 11:00in. Is féidir iad a cheannach anseo ar €9.95. 

SCÉALTA EILE