Beidh siopa leabhar Gaeilge Bhéal Feirste ar oscailt don phobal arís amárach. Bhí seirbhís ‘cliceáil agus bailigh’ ar fáil ón siopa aitheanta leabhar ar Bhóthar na bhFál le cúpla seachtain anuas, ach anois agus na srianta in aghaidh an víris chorónaigh á maolú, beifear in ann dul isteach sa siopa le breathnú ar na leabhair agus iad a cheannach.
Tá an Ceathrú Póilí lonnaithe thíos staighre i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich. Beidh an taispeántas ealaíne atá ar siúl san fhoirgneamh céanna – ‘Sáite i Macallaí’ le Emma Berkery ar oscailt ón lá amárach freisin ach ní bheidh an bhialann atá taobh leis an siopa leabhar, Bia, ar oscailt go dtí an 24 Bealtaine ar a luaithe.
Beidh imeachtaí na Cultúrlainne fós ar siúl ar líne go ceann tamaill ach tabharfar cead do ghrúpaí beaga a bheith istigh le scannánú a dhéanamh ar imeachtaí a chraolfar ar líne.
Beidh díghalrán ar fáil do chustaiméirí an tsiopa leabhar agus iarrtar ar an bpobal an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm. Dúnadh an siopa den chéad uair ar an 18 Márta 2020 mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh ach athosclaíodh i mí Iúil é. Dúnadh arís é mar gheall ar na rabhartaí eile den víreas a tháinig i dtreo dheireadh na bliana seo caite agus ní raibh ar fáil ach seirbhís ar líne ar feadh roinnt mhaith seachtaine.
Tá an Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath fós dúnta agus gan ar fáil ach seirbhís ar líne. Fógraíodh inniu go gceadófar seirbhís ‘cliceáil agus bailigh’ ón 10 Bealtaine ar aghaidh agus go mbeidh cead ag siopaí oscailt don phobal seachtain ina dhiaidh sin.