An ghrian & an ghruaim
'Half of a Yellow Sun' le Chimamanda Ngozi Adichie

Cogadh, caidrimh phearsanta, iarchoilíneachas, claonadh na hiriseoireachta, cúrsaí féiniúlachta… tá sé sin agus tuilleadh sa tseoid seo de leabhar ón scríbhneoir Nigéarach, Chimamanda Ngozi Adichie.

Rugadh an t-údar sin sa bhliain 1977 agus is in Nsukka, baile ollscoile sa Nigéir, a tógadh í.

Scéal a tíre féin atá faoi chaibidil aici san úrscéal glé seo ar a mbeidh mé ag smaoineamh go ceann tamaill.

Is maith linn ar fad leabhar a léamh a mheallann luath go maith sa scéal muid agus, leis, leabhar ina n-éiríonn leis an scríbhneoir ár spéis a choinneáil go dtí go bhfuil deireadh sroichte – éiríonn le Half of a Yellow Sun an dá rud sin a dhéanamh go héasca.

Scéal é seo faoi shaol triúir, siar in aimsir an chogaidh chathartha sa Nigéir, a thagann le chéile le linn an chogaidh.

Tharla an cogadh sin sna 1960í idir an Nigéir agus Biafra, stát a rinne iarracht scaradh ón Nigéir féin ag an am.

Buachaill ó bhaile beag bocht is ea Ugwu atá ag obair i dtigh léachtóra ollscoile.

Bean óg is ea Olanna, a bhfuil a saol, ar bhain pribhléid leis, curtha ar leataobh aici chun cónaí lena leannán, an léachtóir ollscoile.

Agus Richard is ainm don tríú carachtar, faiteachán atá faoi mheirse ag deirfiúr Olanna.

Tugtar léargas dúinn ar shaol na gcarachtar seo agus an cogadh cathartha ar siúl.

Is suimiúil iad na hathruithe a thagann ar an triúr de réir mar a théann an trodaíocht i bhfeidhm orthu – tá cuid mhaith den sonas, den bhrón agus den uafás le fáil tríd síos, agus íomhá dhaite tarraingthe ag Adichie den iomlán.

Is cur chuige fiúntach é go bhfuil scéal an chogaidh féin – scéal nach raibh eolas agam air go dtí sin – le fáil sa leabhar ach go bhfaighimid é trí shúile na gcarachtar, is é sin gur braithstintí pearsanta atá i gceist seachas cur síos lom fíorasach, rud a d’fhéadfadh an chruthaitheacht sa scéal a lagú.

Éiríonn leis an údar (thuas) tionchar na cogaíochta ar an duine daonna a léiriú go héifeachtach agus éiríonn léi ina theannta sin léargas a thabhairt ar mhuintir Bhiafra – na hIgbo – freisin.

Ní chloistear mórán faoi na hIgbo anseo in Éirinn mar sin tá sé suimiúil spléachadh a fháil ar an gcultúr ársa seo agus an scéal á insint.

Má mheallann an leabhar seo chun machnaimh sibh – agus creidim go meallfaidh – cuirfidh sibh suim sna cainteanna leis an údar atá ar fáil ar Ted Talks.

The Danger of a Single Story’ is teideal do cheann amháin acu ina labhraíonn Adichie faoin imní atá uirthi nach mbíonn cultúir mhionlaithe – cultúr nach mbaineann leis an domhan Angla- Mheiriceánach sa chás seo – le feiceáil an oiread sin sa litríocht.

Is mór is fiú smaointe an údair ar nithe éagsúla a fháil agus leabhar díreach léite – cuireann a leithéid leis an machnamh a bhíonn ar siúl mar thoradh ar an leabhar a léamh.

Agus is leabhar é seo ar fiú go mór é a léamh – beoga, tochtach agus eolasach – ní bheidh aon aiféala oraibh.