An Siopa Leabhar ar oscailt 3 lá sa tseachtain ón 18 Bealtaine

Beidh fáilte roimh an bpobal teacht isteach chuig an Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair trí lá sa tseachtain ón 18 Bealtaine. Beidh an siopa, atá dúnta le míonna fada anois, ar oscailt ar an Máirt, ar an Déardaoin agus ar ar an Satharn ón meán lae go dtí a ceathair a chlog tráthnóna.

Dúnadh an Siopa Leabhar mar gheall ar na srianta in aghaidh an víris chorónaigh den chéad uair i mí Mhárta na bliana seo caite agus cé gur osclaíodh arís é ar feadh tamaill ina dhiaidh sin, dúnadh arís é i dtreo dheireadh na bliana.

Agus srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm ó aimsir na Nollag i leith, ní raibh an tseirbhís ‘cliceáil agus bailigh’ féin ar fáil do Ghaeil na hardchathrach le beagnach cúig mhí anuas. Beidh an tseirbhís sin ar fáil arís ón 10 Bealtaine, Dé Luain seo chugainn.

Níor dúnadh an siopa ar líne le linn an tríú dianghlasáil, áfach, agus tá foireann an tsiopa ag obair leo le horduithe a chuirtear isteach tríd an suíomh idirlín a phacáil agus a chur sa phost, agus ag plé leis an bpobal ar ríomhphost agus na meáin shóisialta.

Osclaíodh siopa leabhar Gaeilge Bhéal Feirste, an Ceathrú Póilí, an tseachtain seo caite.

SCÉALTA EILE