Beidh an Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath ar oscailt cúig lá sa tseachtain an mhí seo chugainn. Bhí an siopa ar oscailt trí lá sa tseachtain ón 18 Bealtaine ach fógraíodh inniu go mbeifear á oscailt ar an gCéadaoin ar an Aoine ón 1 Iúil.
Beidh fáilte roimh an bpobal teacht isteach chuig an siopa ón meán lae go dtí a ceathair a chlog ar an Máirt, an Chéadaoin, Déardaoin, an Aoine, agus an Satharn. Beifear in ann leabhair a ordú ar líne agus iad a bhailiú ón siopa freisin ach scéala a chur chuig lucht an tsiopa. Tá orduithe á gcur amach sa phost go hÉirinn agus go tíortha thar lear mar a bhí i gcónaí.
Dúnadh an Siopa Leabhar mar gheall ar na srianta in aghaidh an víris chorónaigh den chéad uair i mí Mhárta na bliana seo caite agus cé gur osclaíodh arís é ar feadh tamaill ina dhiaidh sin, dúnadh arís é i dtreo dheireadh na bliana.
Agus srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm ó aimsir na Nollag i leith, ní raibh an tseirbhís ‘cliceáil agus bailigh’ féin ar fáil do Ghaeil na hardchathrach.