Tá fógartha ag Leabhar Breac go mbeidh an trÃú leabhar i dtrÃológ Lúcáis Uà Bhriain ar fáil go han-luath do lucht leanta na sraithe. Tugadh moladh mór don chéad leabhar sa tsraith eachtraÃochta ó pheann Liam Mhic Cóil, An Litir, nuair a chéadfhoilsÃodh in 2011 é, agus bhà an-tóir freisin ar an leabhar leanta I dTÃr Strainséartha a tháinig amach in 2014.
Fanacht fhada fhuar a bhà ar leantóirà na sraithe ar feadh sé bliana ina dhiaidh sin, ach is féidir ordú a chur isteach ar Bealach na Spáinneach anois ar shuÃomh an fhoilsitheora, Leabhar Breac. Costas €15 a bheidh ar an leabhar sna siopaà ach tá sé ar fáil ar €12 ar an suÃomh faoi láthair.
Cuirfear crÃoch le heachtra Lúcáis Uà Bhriain san oll-leabhar seo, atá beagnach dhá oiread nÃos faide ná an dara leabhar sa trÃológ agus beagnach trà oiread nÃos faide ná an chéad leabhar. Lonnaithe in Éirinn agus ar an Mór-Roinn le linn na mblianta corraitheacha tar éis Imeacht na nIarlaÃ, leanfaidh an leabhar Lúcás ar an gcuid dheireanach dá thuras an litir a tugadh dó i nGaillimh in Earrach na bliana 2012 a leagan i láimh Aodha Mhóir Uà Néill, taoiseach agus Iarla ThÃr Eoghain.
Léigh Liam Mac Cóil sliocht as an leabhar nua ag Oireachtas na Samhna anuraidh in Óstán an CityWest.