Ba iad mallachtaí agus maslaí Chaitríona Pháidín ba mhó a chruthaigh deacrachtaí d’aistritheoirí Cré na Cille, chomh maith le cuid de na leasainmeacha a thug Máirtín Ó Cadhain ar a charachtair sa mórshaothar Gaeilge.
Bhí triúr aistritheoirí i láthair ag comhdháil a reáchtáil Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis in UCD ag an deireadh seachtaine mar chuid de Bhliain na Gaeilge — ‘Doras Isteach don Domhan: An tAistriúchán Liteartha Gaeilge in Éirinn agus Thar Lear’.
Labhair Alan Titley, Radvan Markus, agus Annamária Éva Dudik, faoi na dúshláin a bhí rompu an Béarla, an tSeicis agus an Ungáiris a chur ar Cré na Cille agus iad ag tabhairt faoin mórthogra atá ar bun ag Cló Iar-Chonnacht an mórleabhar Gaeilge a chur ar fáil in 20 teanga faoin mbliain 2025.
Agus iad faoi agallamh ag an Ollamh Diarmuid Ó Sé, d’aontaigh siad triúr gurbh iad na mallachtaí agus maslaí a scríobh an Cadhnach i nGaeilge shaibhir Chois Fharraige an dúshlán ba mhó a bhí le sárú acu.
Thuill aistriúchán Alan Titley, The Dirty Dust, idir mholadh agus cháineadh mar gheall ar an gcinneadh a rinne sé eascainí láidre Béarla a chur i mbéal na gcarachtar. Mhínigh Alan dá raibh i láthair Dé Sathairn gur bhraith sé, áfach, gur caint ghránna mar sin a bheadh ag leithéidí Chaitríona Pháidín dá mairfeadh sí in Éirinn an lae inniu agus gur fheil na heascainí a fhaightear ina leagan Béarla de Cré na Cille go maith di.
Díreach ón nGaeilge chuig an tSeicis a d’aistrigh an Seiceach, agus cainteoir líofa Gaeilge, Radvan Markus hřbitovní hlína, agus tháinig sé ar bhealach cruthaitheach le teacht timpeall ar nósanna ainmnithe na Gaeltachta a réitigh go maith le nósanna a theanga féin. ‘Caitríona Páidínova’, mar sin, a thug sé ar ‘Caitríona Pháidín’ an Chadhnaigh, agus an iarmhír ova ag tabhairt le fios gur iníon Pháidín í.
Níl Gaeilge ag Annamária Éva Dudik, a d’aistrigh Cré na Cille go hUngáiris faoin teideal Sírok a sárban, bhunaigh sí a haistriúchán ar na leaganacha Béarla a sholáthraigh Alan Titley (The Dirty Dust) chomh maith le leagan Tim Robinson agus Liam Mac Con Iomaire (Graveyard Clay), agus an foilsitheoir Mícheál Ó Conghaile ag cogarnach ina cluas nuair ba ghá.
Dúirt Annamária gur beag idir pobal Chonamara na 1940idí agus pobail tuaithe na hUngáire na linne sin, áfach, agus gur tharraing sí ar stór focal agus nathanna a haintíní agus a seanmháthair féin agus í ag cuartú na bhfocal cuí Ungáirise le cur i mbéal na seanbhan. Thug sí le fios go raibh cuid de na mallachtaí agus eascainí a bhí ag a mamó “thar a bheith gránna” agus gur mhinic a bhí sí ag tarraingt ar an tobar sin agus í i mbun aistriúcháin.
‘Tomás Taobh Istigh’ an leasainm ba mhó a d’imigh deacair ar na haistritheoirí a chur ina dteanga féin. “Fear nach mbíonn taobh amuigh dá theach” an bhrí a thuig Alan Titley agus Radvan Markus a bheith leis an leasainm agus bheartaigh ‘Zalezlý Tomáš’ a thabhairt air. Duine nach bhfágann an baile a bhfuil sé ina chónaí ann an tuiscint a bhain Annamária as.
Tá leaganacha Gaeilge, Béarla, Ioruaise, Ungáirise, Seicise, Ísiltírise agus Gearmáinise de Cré na Cille ar fáil faoi láthair agus é i gceist ag Cló Iar-Chonnacht tuilleadh aistriúchán a chur ar fáil as seo go ceann seacht mbliana.