Foilsíodh leabhar le déanaí dar teideal Long Live Latin: The Pleasures of a Useless Language. Déantar cosaint ann ar an Laidin mar ábhar scoile agus mar theanga ar fiú dúinn go léir eolas níos fearr a chur uirthi. Caoineann an t-údar Iodálach, Nicola Gardini, an t-ísliú céime atá tugtha don Laidin ar scoil agus sa saol i gcoitinne le cúpla scór blianta anuas.
Dar le Gardini, atá ina ollamh ollscoile, gur botún é a rá nach fiú staidéar a dhéanamh ar an Laidin toisc gur teanga ‘mharbh’ í. Óir ar mhórán slite, tá an Laidin fós beo. Baintear leas aisti go fóill san Eaglais Chaitliceach: is i Laidin a d’fhógair an Pápa Benedict XVI go raibh sé ag éirí as an bpápacht in 2007 (bhí Laidin ag iriseoir amháin ag an bpreasócáid agus ise a fuair an scúp dá bharr). Baineann díograiseoirí ó gach cearn den domhan úsáid as an teanga ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Casadh dochtúirí agus innealtóirí ar an údar a tógadh le Laidin agus faigheann sé ríomhphoist i Laidin ó chara leis atá ina chuntasóir.
Ach tá an Laidin fós beo ar bhealach níos tábhachtaí fós, dar le Gardini: maireann oidhreacht chultúrtha agus liteartha na teanga anuas go dtí ár linn féin trí mheán na litríochta. A bhuí leis na clasaicí agus leis an iliomad saothar a d’eascair astu, is í an Laidin ‘guth na marbh’, í ar an teanga is fearr a thugann léargas dúinn ar shibhialtacht ársa na hEorpa. Más féidir linn na clasaicí a léamh sa bhunteanga inar cuireadh cuid mhaith acu ar pár – sa Laidin – is amhlaidh is fearr a théann siad i bhfeidhm orainn agus is mó tairbhe a bhainimid astu.
Faraor géar, le tamall de bhlianta anuas táthar ag déanamh beag is fiú den Laidin faoi mar a dhéantar beag is fiú den litríocht agus den fheidhm a bhí aici tráth: ciall agus ord a thabhairt don saol le scéalta agus meafair, an aigne a leathnú trí mheán na samhlaíochta, modhanna úra smaointe agus tuiscintí nua ar an saol a chur in iúl agus mothúcháin agus luachanna a léiriú, cuir i gcás.
Is gráin le Gardini an bealach traidisiúnta ina múintí an Laidin le ceachtanna gramadaí tura agus cleachtaí saorga aistriúcháin, é mar a bheadh ‘aclaíocht intinne’ ann. Cé go bhfuil sochair chognaíocha ag baint le foghlaim na Laidine agus teangacha ársa eile, a deir sé, ní hé sin an phríomhchúis ar cheart tabhairt fúthu. Más ea, tuige nach gcuirfimis daltaí i mbun teanga níos ‘úsáidí’, cosúil le Sínis nó Spáinnis?
Ina áit sin, ba mhian le Gardini go gcuirfí béim athuair ar áilleacht na Laidine, ar a litríocht shaibhir agus ar a tábhacht stairiúil – is fíor nach teanga úsáideach í sa chiall is cúinge den téarma sin, ach is iomaí rud luachmhar nach bhfuil úsáideach sa chaoi sin. Baineann an Laidin leis an spiorad, leis an gcuimhne, leis an tsamhlaíocht, leis an gcruthaitheacht, leis an bhfealsúnacht agus leis an bhféiniúlacht.
Nach tearc teoranta a bheadh an curaclam scoile mura mbacfaimis ach leis na hábhair phraiticiúla? Mura gcuirfimis oiliúint ach ar phluiméirí, innealtóirí agus dochtúirí chun freastal ar na riachtanais is práinní atá againn, cá bhfágfadh sé sin na healaíona agus an saol intleachtúil?
Níl gradam ag an Laidin a thuilleadh, a deir Gardini, toisc nach mbactar leis an rud atá sean nó atá imithe i léig. Ina áit sin, bíonn súil in airde againn leis an rud nua agus lonrach, leis an teicneolaíocht is nua-aimseartha mar shiombail den fhorás agus den tsláinte eacnamaíoch.
Ach nach minic a bhíonn an athbheochan agus an athnuachan – agus an cumas nuálaíochta, dá bharr sin – ag brath ar an ní atá sean agus ag dul i léig? Cuimhnímis gur eascair an Réabhlóid Eolaíoch as an Renaissance, an bláthú cultúrtha agus ealaíonta sin a tharla san Iodáil i ndiaidh na Meánaoise. Is é a bhí sa Renaissance, go bunúsach, a deir Gardini, ná athbheochan ar an léann clasaiceach agus filleadh ar an Laidin mar fhoinse inspioráide.
Go deimhin, meabhraíonn sé sin dom corraíl chultúrtha na hÉireann ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois – tháinig réabhlóid pholaitíochta sna sála ar an athbheochan teanga agus liteartha. Trí fhilleadh ar an dúchas agus ar na nithe dar dínn sinn, tháinig borradh faoin gcruthaitheacht agus faoin bhféinmhuinín náisiúnta.
San Iodáilis a scríobhadh an leabhar seo ar dtús (foilsíodh an t-aistriúchán Béarla le déanaí) agus ba é aidhm an údair suim na nIodálach a mhúscailt in oidhreacht chultúrtha na Laidine, an teanga ónar shíolraigh an Iodáilis. Ach maidir le bunargóint an leabhair – go bhfuil an Laidin i gcroílár na sibhialtachta Eorpaí agus gur loitiméireacht chultúrtha í a chaitheamh i dtraipisí – is linn ar fad a bhaineann sé sin. Agus feictear dom go bhfuil ceacht eile le foghlaim ón leabhar: is beag rath atá i ndán do phobal nach bhfuil fréamhaithe ina chultúr agus ina stair féin agus a thugann cúl do na seoda stairiúla agus don oidhreacht chultúrtha atá tagtha anuas chucu.