‘Bhí lón machnaimh ann dom i mbeathaisnéis Black Elk’

Thart ar an am ar iontaigh mé 21, bhí mé ag caint le mo dheaide, agus d’inis sé dom faoin leabhar Black Elk Speaks, leabhar a raibh an-tionchar aici air nuair a léigh sé féin í ina chuid fichidí, agus d’iarr sé ormsa í a léamh go bhféadfainn mo thuairimse ar an leabhar a roinnt leis.

Tá sí léite agam. Chríochnaigh mé an lá cheanna í.

Is beathaisnéis atá sa leabhar seo ó bhéal Black Elk, aistrithe ag Flying Hawk, breactha síos i scríbhinn agus curtha i bhfoirm leabhair ag John G Neihardt. (Tá an pointe sin tábhachtach mar go nglactar leis go raibh corrphíosa áibhéil nó rud beag sa mbreis curtha ag Neihardt isteach ann anseo agus ansiúd. Cén t-iontas ó tharla go mba file agus údar a bhí ann féin).

Fear leighis a bhí in Black Elk ón treibh Ogalala, treibh de chuid an náisiúin Lakota den chine Sioux. Cé go raibh sé ina chónaí i dteach ar an tearmann Pine Ridge in Dakota Theas nuair a labhair sé le Neihardt sa mbliain 1930, d’inis sé dó faoin am a chaith sé ina ghasúr, ag teacht in inmhe agus ina fhear óg ag maireachtáil mar a mhair a shinsir riamh, i bhfad sular tháinig an chéad bhád ón Eoraip ar chóstaí na tire sin. 

Mhair siad ina gcuid típíonna ag bogadh ó áit go háit ag leanacht thréada na mbeithíoch fiáin, ag coinneáil capaill, ag spraoi is ag snámh agus an gnáthdhiabhlaíocht a bhíonn ag gasúir, agus ag foghlaim le fiach agus le troid nuair bhí siad níos sine. Chleacht siad a gcuid traidisiún de réir gcreidimh féin.

Is é an pointe deiridh sin a bhí ina údar clú do Black Elk. Nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois bhí aisling aige agus blianta ina dhiaidh sin, trí shearmanas damhsa ina ndearna siad aithris ar an aisling a bhí aige, fuair Black Elk cumhachtaí leighis.

Ach mhair sé freisin tríd an am a raibh an Ginearál George Armstrong Custer ag déanamh géarleanachta ar Bhundúchasaigh Mheiriceá. Insíonn sé an scéal faoin gcaoi ar “ceannaíodh” a gcuid talaimh uilig uathu agus gur brúdh isteach sna tearmainn sin iad ach nár thuig an té a dhíol go díreach céard a bhí dhá dhíol acu ná céard a bhí i gceist leis an díolachán. Níor chreid siad féin go mba leo an talamh ar an gcéad dul síos ach gur mhair siad ar an talamh agus nach bhfuair siad tada dá bharr ach bréaga agus mar a deir Black Elk féin: “we could not eat lies”.

Bhí an leabhar seo thar a bheith suimiúil. Ní fear mé a léann mórán beathaisnéisí ach bhí amannta ann nach bhféadfainn an ceann seo a leagan uaim. Is leabhar é a thugann léargas duit ar shaol mhuintir Lakota díreach ar an teorainn idir an seansaol, ina raibh siad i réim agus in ann aire a thabhairt dóibh féin, agus an saol nua inár tógadh chuile shórt uathu ina dtír féin agus gur brúdh isteach i gcoirnéil iad agus i bpaistí beaga talún mar a bheadh ainmhithe i ngarrantaí. Feictear an creideamh a bhí acu, ní mar a bhreathnódh tú ar an seanchreideamh Ceilteach, mar shampla, ach mar a mhair daoine leis ó lá go lá ó bhéal duine acu, rud a bhí thar a bheith suimiúil domsa mar Chríostaí nár labhair le duine ar bith taobh amuigh de na creidiúintí Abrahámacha riamh.

Bhí sé suimiúil freisin stair an ama, a mbeadh muid sách eolach air ónár leabhra staire féin, a chloisteáil trí thuiscint duine a bhí go hiomlán taobh amuigh den smaointeoireacht Eorpach. Mar shampla, Grandmother’s Land a thug siad ar Cheanada mar gurbh in é t-ainm a bhí acu air, mar sin nuair a chas Black Elk leis an mbanríon Victoria agus gur chuala sé gurbh í a bhí i gceannas ar Cheanada dúirt sé leis féin “bhuel chaithfeadh sé gurb iod í ‘Grandmother’” agus sin é a thug sé uirthi an chuid eile den am ar luaigh sé í.

Níl a fhios agam fós an raibh teachtaireacht éicint a bhí Deaide ag iarraidh orm a thógáil uaidh, nó ceacht éicint a bhí le foghlaim ach déanfaidh mé machnamh air agus mura bhfeicfear anseo é beidh sé cinnte ina chomhrá eadrainn féin. Scéal bróin a bhí ann, agus scéal atá feicthe cheana againn inár leabhra staire féin agus scéal atá le n-inseacht ag cine i ndiaidh cine ar fud an domhain. Is furasta a fheiceáil cén fáth ar ghlac muintir Choctaw muintearas le muintir na hÉireann i rith aimsir an Ghorta Mhóir, agus is furasta a fheiceáil gur thug siad mórán uathu nuair nach raibh sé acu le tabhairt