Pléann an Dr. Art Hughes ó Scoil na Gaeilge, Ollscoil Uladh, cás na n-imirceach atá ag trasnú na Meanmhara ina slóite agus an bhaint atá ag saothar Sheosaimh Mhic Grianna le saol na ndaoine imeallacha seo.
Tá an nuacht lán de thragóid ar an aimsir seo agus cás na n-imirceach as tuaisceart na hAfraice i measc na gcinnlínte – sábháladh na mílte sa Mheánmhuir le roinnt seachtainí anuas ach i mí Aibreáin báitheadh suas go 800 duine nuair a briseadh bád a bhí 6o míle de chósta na Libia agus fá 120 míle de chósta Lampedusa, oileán de chuid na hIodáile.
Agus gan fiú leath de 2015 caite againn, meastar gur 2000 duine a cailleadh sa Mheánmhuir – 20 uair níos mó ná an bhliain anuraidh.
Caithfear ceist a chur: ‘Cén fáth a gcuireann na mílte daoine iad féin i gcontúirt a mbáite mar seo?’
Íocann siad idir £1500 agus £2000 punt do ‘chaiftíní’ mí-ionarice agus théid siad ar bord soitheach (más féidir ‘soithigh’ a thabhairt ar an chuid is mó de na bádaí bréana brocacha seo) nach bhfuil acmhainneach ná fóirsteanach don fharraige a bhfuil siad ag tabhairt aghaidhe uirthi?
Má fhágtar báitheadh ar leataobh, is minic na paisinéirí ag fáil bháis den fhuacht nó d’easpa uisce agus bídh.
Tá an freagra simplí: tá saol ar ifreann ag go leor de na himiricigh bhochta seo ina dtír féin – agus b’fhearr leofa imeacht i mbéal a gcinn agus dhul sa tseans ar an fharraige ná bás a fháil mar a bhfuil siad.
Sin í an fhírinne ach b’fhearr linne san Iarthar neamhaird a dhéanamh ar an fhírinne mar gur míchompordach an mhaise dúinn aghaidh a thabhairt uirthi.
Tá sé 25 bliain ó fuair an scríbhneoir Seosamh Mac Grianna bás.
Cuireann Seosamh síos, ag tús an leabhair Mo Bhealach Féin, an dóigh a seachnaíonn daoine an fhírinne:
“Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, ach creid mise, ní searbh atá sí ach garbh – agus sin an fáth a seachantar í.”
Cé gur mhair Seosamh go raibh sé 90 bliain d’aois, bhí saol poiblí an-ghairid aige, cúig bliana gearra déag ó thart fá 1925 go dtí gur thréig an tobar in 1940.
Cad é ab fhiú éisteacht leis (dá mbeadh sé beo inniu) ar agallamh teilifíse ar cheann de na cláracha idirnáisiúnta nuachta?
Sin rud nach dtiocfaí a bheith ag súil leis, ar ndóighe, ach bíodh sin mar atá, tá cuid mhór fá staid an duine breactha fríd a shaothar iomlán.
Bhí comhdháil in Ollscoil Uladh Bhéal Feirste ar na mallaibh ar an litríocht agus ar Ghorta Mhór na hÉireann.
Is iontach an ciúnas atá thart ar ábhar an Ghorta in Éirinn – go háirithe nuair a fuair milliún duine bás agus nuair a d’imigh níos mó ná milliún eile thar sáile.
Dálta na ndaoine gan dóchas ar aistear farraige sa Mheánmhuir inniu, ba daoine bochta formhór na marbh agus na n-imirceánach Éireannach lá den tsaol.
Daoine gan glór gan urlabhraí.
Cá mhéad Éireannach a fuair bás ar na longa cónrach ar a mbealach brionglóideach trasna na Farraige Móire go Meiriceá?
Ar a bhealach féin, ní thabharfainn ‘scríbhneoir cruathaitheach litríochta’ amháin ar Sheosamh Mac Grianna ach bhaistfinn cúpla teidil bhreise air: ‘fealsamh’ nó ‘antróipeolaí’.
Thuig sé, ar leibhéal domhain cruachás agus buanphian an chine dhaonna mar is léir ó theideal chnuasach gearrscéalta leis An Grá agus an Ghruaim – achoimre ar shaol go leor daoine taobh istigh de dhá phríomhfhocal.
Sa chnuasach chéanna gearrscéalta, tá sceal ann Ar an Trá Fholamh.
Ceanglaíonn Cathal Ó Canainn corp a dhearthára ar a dhroim agus cé nach ndéantar trócaire leis ag coire an anraith siúlann sé ar aghaidh ón tslua ar aistear uaigneach agus éiríonn leis a dheartháir a chur in uaigh taobh lena n-athair – dualgas agus dignid dheireananch.
Ach tá muid sa dul amú má shamlaíonn muid nach bhfuil i gceist anseo ach cás dhaoine ocracha na hÉireann, mar b’údar é an Griannach a thuig an duine imeallach, agus thug sé glór dó féin, mar dhuine scaite, agus do dhaoine eile cosúil leis.
Ach tá fírinne shíorthaí in go leor dá bhfuil scríofa aige, agus inniu féin tá níos mó ná 8 milliún duine ag fáil bháis den ocras ar an domhan, agus tá baint ag Ar an Trá Fholamh le cás na mbochtán seo.
Mar an gcéanna, gan fiú ó theideal ghearrscéal eile leis faigheann muid cur síos ar bhun tsiocair antróipeolaíochtúil imeacht na muintire seo a bháitear inniu ar an Mheánmhuir: Bíonn súil le muir ní bhíonn súil le huaigh – nó bíonn dóchas ann go dtiocfaidh muid slán ón fharraige ach ní thiocfaidh muid slán as an uaigh go deo.
Sin seanfhocal a bhíodh ag Gaelaibh ariamh anall, ach fóireann an nathán cainte seo do chás thruacánta na ndaoine bochta seo atá á gcailleadh ina slóite ar bharr na dtonn i ndorchadas na hoíche.
Thiocfaí aistriúchán eile a sholáthar ar Bíonn súil le muir ní bhíonn súil le huaigh do bhunadh chompórdach na hEorpa, a bhfiafraíonn díofa féin ‘Cén fáth a gcuireann an oiread sin daoine cos ar na bádaí seo?’
Ní thuigeann sáthach seang!