Bog anonn Bloomsday…

Inniu Lá Blúm, nó Bloomsday, lá a dhéanann ceiliúradh ar dhuine de mhórscríbhneoirí an 20ú céad, James Joyce.

Is in ómós phríomhcharachtar Ulysses, Leopold Bloom, a ainmníodh an lá ar ndóigh agus roghnaíodh 16 Meitheamh mar go dtiteann eachtraí ar fad an úrscéil iomráitigh amach ar an dáta áirithe sin, i mBaile Átha Cliath, siar sa bhliain 1904.

Cé nach mbíonn sé d’ádh ar gach scríbhneoir sárchumasach comóradh idirnáisiúnta a fháil ina onóir/honóir, is ceart agus is cóir aitheantas a thabhairt d’ealaíontóirí tréitheacha agus níl aon amhras faoi bhua scríbhneoireachta Joyce ná faoina áit i measc na n-údar is aitheanta i litríocht Bhéarla na tíre seo.

Rud atá ríshoiléir ar an lá seo áfach, go háirithe agus an plámás bláfar faoi lán seoil sna meáin phríomhshrutha Bhéarla (ní hé go mbíonn sé doiléir an chuid eile den bhliain), ná a laghad airde a thugtar ar scríbhneoirí na hÉireann ar rogha leo an phríomhtheanga náisiúnta.

Cinnte, is teanga mhionlaithe í an Ghaeilge a bhfuil i bhfad Éireann níos lú cainteoirí aici ná an Béarla.

Cinnte, tá corpas litríochta an Bhéarla i bhfad níos líonmhaire.

Agus cinnte, tá scríbhneoirí Béarla na hÉireann níos clúití, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta, ná a n-athghinte Gaelacha.

Ach ní bhaintear de chumas ná de thallann ná de thábhacht scríbhneoirí Gaeilge cionn is go bhfuil lucht léitheoireachta níos lú acu ná ar an ábhar nach léitear iad go forleathan thar sáile.

Tá acmhainn, intleacht, nuálaíocht agus samhlaíocht thar na bearta léirithe arís agus arís eile ag scríbhneoirí Éireannacha a roghnaíonn teanga dhúchais na tíre seo mar mheán cumarsáide.

Seans nach bhfuil siad á léamh ag mórán ar thaobh thall na cruinne ach tá siad á léamh anseo.

Tá siad tábhachtach dúinne, agus is leor sin.

Is leor sin chun ceiliúradh a dhéanamh orthu agus ar a sárshaothair.

Is leor sin chun comóradh a dhéanamh ar a gcarachtair is suntasaí.

Is leor sin chun lá náisiúnta a ghairm lena moladh agus lena dtábhacht do chultúr na tíre seo a aithint.

Bímis bródúil as Joyce agus a chomhúdair éirimiúla a bhain barr feabhais amach, agus clú domhanda dá réir, ina rogha teanga, ach bíodh bród as cuimse againn as na húdair sin a roghnaigh – agus a roghnaíonn – scríobh inár dteanga féin, agus bímis á gceiliúradh in ard ár gcinn.

Lá Bhónapáirt, Lá Chaitríona Pháidín nó Lá Shéimí Phádraig Duibh aon duine?


Más suim leat an t-ábhar seo, bí cinnte go dtugann tú spléachadh ar Leabhra Feabhra, féile nuabhunaithe ina spreagtar daoine chun leabhair Ghaeilge a cheannach agus a bhronnadh ar 1 Feabhra gach bliain.

SCÉALTA EILE