Cúpla seachtain ó shin d’fhógair muid go raibh trí chóip le tabhairt amach againn de leabhar nua comhfhoghair Gaeilge Rossa Uí Snodaigh An Fochlac Foclach.
An cheist a bhí le freagairt agaibh ná ‘Cad is ciall le teideal an leabhair?’ agus, mar a bheadh muid ag súil in oifigí NÓS, ba mhór an tsamhlaíocht a bhain leis na hiarrachtaí a tháinig isteach trí Twitter agus Facebook.
‘Bard Briatharach den chéad ghrád’ a bhí á lorg ag an chleasaí focal agus cé nár tháinig duine ar bith ar an fhreagra díreach, roghnaigh Rossa triúr a tháinig an-ghar go deo.
– Ciara Ní Éanacháin @MiseCiara le ‘File den chéad ghradam fhilíocht na mbard a úsáideann an iomarca focal.’
– Celine Nic Oireachtaigh le ‘An File Briathartha.’
– Seán Ó Riain le ‘File Óg a bhfuil bua na cainte is scríbhneoireachta aige.’
Comhghairdeas a chairde Gael!