Anocht ‘Oíche Idirnáisiúnta na Leabhar’, féile a bunaíodh i Sasana seacht mbliana ó shin agus atá á scaipeadh de réir a chéile ar fud an domhain. De réir lucht a bhunaithe, ní léann 36% de mhuintir Shasana “go rialta” agus tá súil acu níos mó daoine a spreagadh chun léitheoireachta anocht.
Tháinig an feachtas go hÉirinn ar an 23 Aibreán 2012 agus tá ceiliúradh beag á dhéanamh air anseo ó shin i leith. Moltar don phobal gan an oíche anocht a chaitheamh sa teach tábhairne, os comhair na teilifíse nó sáite sa bhfón póca ach í a chaitheamh go deas séimh agus leabhar ina lámh.
Sa bhliain 2013, tharraing muintir Mheiriceá an nós chucu féin agus tá imeachtaí eagraithe sa Bhreatain, i Meiriceá agus anseo in Éirinn leis an oíche a cheiliúradh. Thug 50,000 duine leabhar uathu an bhliain seo sa trí thír.
Is i gCúige Uladh atá na himeachtaí oifigiúla uilig i mbliana agus ócáidí beartaithe i nGleann Ghormlatha, an Baile Meánach, Béal Feirste, Cúil Raithin agus Baile Hacamar. Tá liosta iomlán na n-imeachtaí ar fáil ar shuíomh World Book Night.
Do na Nósadóirí nach bhfuil ina gcónaí i gCúige Uladh, níl aon leithscéal agaibh gan an teilifíseán agus an fón póca a mhúchadh anocht agus leabhar breá tiubh a oscailt os comhair na tine (nó os comhair an taiscthéitheora), nó léitheoireacht dhramatúil ón leabhar is fearr leat a dhéanamh os comhair do chairde (nó os comhair do chait).
Tá liosta anseo de “na leabhar is fearr leis na Gaeil” de réir an taighde a rinne Eoin P Ó Murchú do NÓS an bhliain seo caite.