Cé hé Sherlock na Gaeilge?

Amárach is ea é Leabhra Feabhra, féile a spreagaimid chun leabhar a bhronnadh ar chara. Eoin P. Ó Murchú anseo le spléachadh a thabhairt ar na scothleabhair atá ar fáil sa Ghaeilge i réimse na bleachtaireachta.


Tá lucht Leabhra Feabhra le moladh go mór, is breá liom coincheap na nuafhéile seo!

Thacaíos leis anuraidh agus déanfaidh amhlaidh i mbliana.

Tugann sé deis dúinn breathnú ar fheabhas na litríochta i nGaeilge.

Thaitin scéalta bleachtaireachta liom riamh.

Bhí rud éigin draíochtúil ar fad faoi chlisteacht na mbleachtairí a réiteodh na cásanna ba chasta is ba dhúshlánaí gan teip.

Do Sherlock Holmes is gá an chraobh a thabhairt sa mhéid seo agus bhaineas súp ar leith as na leabhair féin anuas ar dhrámaí raidió an BBC.

Níl na scannáin úra gan mhaith ach is geall le sacrailéid é rian den stíl galphunc (stream punk) a thabhairt isteach ann, dar liom féin.

I mBéarla a léigh mé faoi Cú na mBaskerville agus an uile shaghas béiste agus bithiúnaigh i gcéaduair.

cunambask

Níos déanaí a tháinig mé ar leaganacha breátha a aistríodh go Gaeilge, agus athleagan ar cheann acu le tamall de bhlianta.

Mar sin, cad é atá againn sa réimse seo sa Ghaeilge?

Thugas faoi leabhar breá bleachtaireachta sa Ghaeilge le tamall, is é sin Crann Smola, le Seán Ó Dúrois, scéal faoin mbleachtaire William Watters agus a chompánach Cameron.

crannsmola

Tá na scéalta lonnaithe i mBéal Feirste agus an príomhcharachtar mar a bheadh Holmes Gaelach ann. 

Déantar láimhseáil chumasach ar ghnéithe éagsúla den saol, an tuiscint ar dhaoine, an greann Éireannach, an pholaitíocht, an stair agus léargas ar an domhan agus measctar carachtair fhírinneacha le cinn fhicseanacha anseo is ansiúd.

Tosaítear gach caibidil le ráiteas dorcha éigin ó litríocht shean agus nua na Gaeilge rud a chuireann go mór le hatmaisféar dorcha an leabhair.

Titeann uafáis an leabhair amach sa bhliain 1864, tráth a bhfuil Béal Feirste á réabadh ag círéibeacha seicteacha deirtear linn.

Tá grá agus leathar ann chomh maith dóibh sin a bhfuil spéis ina leithéid…

Táim tosaithe liom ar léamh na chéad chinn eile sa tsraith, is é sin Rí na gCearrbhach.

Cá bhfios, seans go mbeidh ceann eile ag an Uasal Ó Dúrois?

Ritheann leabhair Bhiddy Jenkinson liom chomh maith, leabhair chliste a dhéanann an foclóirí Ó Duinnín a athshamhlú mar bhleachtaire.

Scéalta iad seo atá mar phaistís ar scéalta Shearlóig de Hoilm Arthur Conan Doyle agus a dhéanann carachtar de chuid na Gaeilge a athrú ó bhonn.

Tugann An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire sainmhínithe d’fhocail ón dea-leabhar úd aige féin agus scaoileann na cásanna féin mar ar tháinig sé ar na mínithe scaití.

Tá an dara leabhar ann leis.

Scail

Leabhar nua go leor a bhfuil tréan bleachtaireachta ann ná Scáil an Phríosúin le hAnna Heussaff, agus a bheidh an-spéisiúil d’éinne a bhfuil leatheolas acu ar Chill Mhaighneann, BÁC.

Mar sin bímis ag léamh is ag réiteach cásanna deacra in éineacht leis na bleachtairí uile seo, is déanaimis ceiliúradh ar Leabhra Feabhra!


Moltaí ó Eoin ar fiú a léamh.

Crann Smola, Seán Ó Dúrois (Coiscéim)

Rí na gCearrbhach, Seán Ó Dúrois (Coiscéim)

Scáil an Phríosúin, Anna Heussaff (Cló Iar-Chonnacht)

Cú na mBaskerville, Arthur Conan Doyle, aistrithe ag Nioclás Tóibín, curtha in eagar ag Aibhistín Ó Duibh. (Evertype)

Eachtraí Sherlock Holmes, Arthur Conan Doyle, aistrithe ag Proinnsias Ó Brógáin. (Everytype) (Níl fáil ar an leabhar seo go ró-éasca.)

An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire, Biddy Jenkinson (Coiscéim)

Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg, Biddly Jenkins (Coiscéim)


Mura bhfuil leabhar faighte agat don lá mór le bronnadh ar chara don lá mór tabhair cuairt ar Litríocht.com agus An Siopa Leabhar.

 

SCÉALTA EILE