Céard a rinne an Impireacht dúinne?

Bhí mé sách mall ag teacht chuige, ach an tseachtain seo caite léigh mé an leabhar iomráiteach Sapiens leis an Ollamh Yuval Noah Harari (foil. 2014). Cé go mbíonn amhras orm i gcónaí faoin bpopeolaíocht — an féidir stair 70,000 bliain an chine dhaonna a chur i 500 leathnach? — thaitin an leabhar seo liom den chuid ba mhó. 

Tugadh léargas leathan ar an stair sin ón tréimhse ‘réamhstaire’ (téarma nach nglacann an t-údar leis) trí Réabhlóid na Cognaíochta, Réabhlóid na hEolaíochta, Réabhlóid na Tionsclaíochta agus chomh fada le rud ar a dtugann an t-údar “Réabhlóid an Daonnachais” — stair chuimsitheach agus go leor le plé ann. 

Chuir cuid mhaith den ábhar a pléadh ag smaoineamh mé faoin domhan ina maireann muid agus faoin domhan atá amach romhainn, d’aontaigh mé le cuid de, d’easaontaigh mé le cuid de agus d’fhoghlaim mé go leor. 

Ach bhí dhá rud ann nár thaitin liom sa leabhar — cuid de na rudaí a dúradh faoi stádas na mban ó thús ama agus an chaoi ar pléadh tionchar an impiriúlachais i stair an chine dhaonna. Déarfaidh an t-údar, is dóigh, gur ag tabhairt léargas neamhchlaonta ar an stair a bhí sé agus na hábhair sin faoi chaibidil aige ach, mar is eol dúinne Gaeil, ní bhíonn an stair neodrach riamh — cuma cé atá á ríomh. 

Fágfaidh mé na gearáin faoi cheist na mban faoi na mná — tá i bhfad níos mó údaráis acusan locht a fháil ar a smaointeoireacht ná mar atá ag fear eile. Ach tabharfaidh faoina chuid smaointeoireachta ar choincheap an impiriúlachais le fonn. 

Sular thosaigh sé ag plé an impiriúlachais, mhínigh Harari go soiléir gur minic a tharla sé, agus a tharlaíonn sé go fóill, go mbíonn an smaoineamh céanna ag beirt eolaithe/innealtóirí/mhúinteoirí etc agus go bhforbraítear rudaí atá an-chosúil le chéile i sochaithe nach raibh riamh i dteagmháil lena chéile — coincheap an airgid mar shampla, nó droichid, nó tithe, nó go deimhin, Teoiric na hÉabhlóide. Glacann muid leis mar sin, gur féidir le sochaithe éagsúla rudaí a dhearadh a chabhróidh leo sa saol gan tionchar ó shochaí eile a dhear an rud nach mór ceannann céanna. 

Mar sin féin, cúpla caibidil ar aghaidh sa leabhar, agus ceist an impiriúlachais á cíoradh ag an Ollamh, cuireann sé ina luí orainn nach féidir an t-impiriúlachas agus an coilíneachas a cháineadh go huile is go hiomlán. Ní hé go maíonn Harari go ndearna an coilíneachas maitheas mhór don chine daonna — ach maíonn sé go ndearna sé maitheas bheag, agus go mb’fhéidir gur gá dúinn a bheith buíoch as seo. 

Luann sé na forbairtí a thug lucht an choilíneachais do thíortha eile agus na buntáistí a bhain na pobail dúchais as an gcineáltas seo — bóithre iarainn, carranna, teicneolaíocht nua, bia nua agus araile.

Ach má leanann muid smaointeoireacht an údair sna caibidilí roimhe sin, caithfear glacadh leis go bhféadfadh na pobail agus sochaithe a ionsaíodh agus a díbríodh ó dhroim an domhain teacht aníos leis an teicneolaíocht chéanna chomh maith.

Níos fearr fós, nuair a bhreathnaíonn muid ar an domhan sa lá atá inniu ann, má éiríonn le heolaithe sa bhFrainc trealamh nua teicneolaíochta a fhorbairt is féidir leo an teicneolaíocht nua sin a dhíol nó a bhronnadh le muintir na hAilgéire — ní gá dóibh ionradh a thabhairt faoin tír leis an dea-scéal a scaipeadh. 

Tá sé gránna agus mí-chúramach smaoineamh gur chabhraigh lucht an choilíneachais leis na daoine a chuir siad faoi chois a chur chun cinn. Níl ré an choilíneachais thart go fóill, agus sa gcuid sin den domhan a bhfuil ré an iar-choilíneachais i réim (ár dtírín féin san áireamh), ní chabhraíonn an normálú seo ar an gcoilíneachas ar chor ar bith.

Tá leabhar Yuval Noah Harari taitneamhach, ach ná slogtar gach a bhfuil ann. 

SCÉALTA EILE