Tá an teach foilsitheoireachta atá lonnaithe ar an Spidéal i gCois Fharraige ag glacadh le hiarratais ó scríbhneoirí óga ar mhaith leo páirt a ghlacadh i gceardlann scríbhneoireachta leis an údar aitheanta Mícheál Ó Conghaile.
Beidh an cheardlann dírithe ar scríbhneoirí óga nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach “a léiríonn cumas scríbhneoireachta”. Beidh “dornán scríbhneoirí aitheanta” ar an gcúrsa chomh maith agus súil ag lucht a heagraithe gur chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon a bheidh an meascán seo.
Ní mór do scríbhneoirí ar mhaith leo páirt a ghlacadh a ghlacadh sa cheardlann gearrscéal, dánta, sliocht as úrscéal nó sliocht próis, nó splancscéal a sheoladh chuig Mícheál Ó Conghaile nó Lochlainn Ó Tuairisg roimh an 14 Samhain, Dé Luain seo chugainn.
Roghnófar rannpháirtithe na ceardlainne bunaithe ar na sleachta a chuirtear isteach agus déanfar iad a phlé agus a mheas le linn na ceardlainne. Feicfidh gach rannpháirtí saothar gach duine eile roimh ré le go mbeidh an deis acu na sleachta a léamh.
Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann agus ní bheidh aon táille i gceist lena haghaidh. Mar sin féin, más é an chaoi gur as cearn eile den tír a bheadh duine ag taistil le páirt a ghlacadh ann, is air féin amháin a bheidh sé íoc as lóistín agus costas taistil.