Ceiliúradh déanta ar shaol agus saothar Chathail Uí Shándair i Ráth Maonais

Cothrom an ama seo céad bliain ó shin (15 Iúil 1922) rugadh Cathal Ó Sándair, duine de na scríbhneoirí ab iomráití riamh sa Ghaeilge. Tá tionchar a shaothair le feiceáil i litríocht na n-óg in Éirinn go fóill, agus rinneadh comóradh ar a shaol agus ar a shaothar i Leabharlann Ráth Maonais an tseachtain seo caite.

Mar chuid den chomóradh speisialta seo, tá a chéad dá leabhar Na Mairbh a d’Fhill agus An tEitleán Dofheicthe athfhoilsithe ag an nGúm. Is iad an Gúm a d’fhoilsigh 120 leabhar ó pheann Uí Shándair, thar thréimhse dhá scór bliain. Labhair Dr. Róisín Adams, atá taobh thiar den fheachtas le comóradh a dhéanamh ar shaothar Uí Shándair lena chomhghleacaí Róisín Ní Mhulláin, liom faoin ócáid speisialta.

 “Bhí slua galánta, idir óg agus aosta ann, go leor daoine a raibh na leabhair léite acu agus iad óg agus daoine eile a raibh spéis acu san ábhar, agus ag iarraidh cóipeanna de na leabhair a fháil. Bhí cúpla duine de pháistí Uí Shándair ann chomh maith agus bhí sé galánta go raibh siad i láthair.”

Is cineál trí thaisme a tharla sé gur eagraíodh an ócáid speisialta i Leabharlann Ráth Maonais, ach bhí an-bhaint ag an leabharlann lena shaol agus lena shaothar. 

“Rith sé liom gur thit ceann de na heachtraí sa leabhar An tEitleán Dofheicthe amach taobh amuigh de Leabharlann Ráth Maonais. Tá pictiúr den túr cloig le feiceáil ar chlúdach an leabhair. Ach táim ag déanamh níos mó taighde le bliain anuas, agus de réir a chéile thuig mé cé chomh tábhachtach is a bhí leabharlann Ráth Maonais. Tógadh Ó Sándair timpeall an chúinne ón leabharlann. Is cosúil nuair a bhí sé sna déaga, agus nuair a thosaigh sé ag déanamh staidéar ar scríbhneoireacht agus iriseoireacht, gur ansin a bhíodh sé. Ní fhéadfaí smaoineamh ar áit níos foirfe. Tá an leabharlann ansin go hálainn, agus cuimhnigh, 85 bliain roimhe seo, go raibh sé sa seomra céanna ag staidéar. Is dócha nár shamhlaigh sé an uair sin go mbeadh slua mór ar ais á chomóradh ar a chéadú breithlá.”

Rinne an t-iriseoir Sorcha Ní Mhonacháin ó RTÉ agus TG4 na leabhair a athsheoladh ag an ócáid speisialta a bhí ar siúl, agus tá saothar Uí Shándair gar dá croí, mar a d’inis Róisín dom.

“Casadh Sorcha orm den chéad uair thart ar bliain ó shin i gConamara. Tharla sé gur luaigh mé Cathal Ó Sándair agus mar a dúirt sí aréir ‘lasadh na súile uirthi’ agus leanamar orainn ag caint ar feadh roinnt mhaith ama. Bhí sí an-tógtha leis na leabhair nuair a bhí sí óg, í féin agus a cuid deartháireacha agus deirfiúracha. Nuair a iarradh orm cé a bheadh go maith na leabhair a athsheoladh, smaoinigh mé ar Shorcha láithreach. Bhí an píosa cainte a rinne sí go hálainn. Labhair sí faoin méid áthais a thug na leabhair di agus faoin gcíocras a bheadh uirthi na leabhair seo a fháil nuair a thagaidís amach, agus mar bhronntanais Nollag.”

Léiríonn an méid sin an lorg atá fágtha ag Cathal Ó Sándair. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar ghlúin i ndiaidh glúine. Dhíol Cathal Ó Sándair 120,000 cóip dá leabhair thar na blianta, éacht dochreidte nuair a smaoiníonn tú ar an gcultúr comhroinnte a bhí ann le leabhair sna blianta a chuaigh thart. Ba scríbhneoir bisiúil é. Ghlac an Gúm le tríocha lámhscríbhinn uaidh idir 1950 agus 1952, agus i 1952 thosaigh siad ag foilsiú leabhar dá chuid in aghaidh na míosa. Mhínigh Róisín go raibh sé “i gcónaí ag iarraidh sraitheanna a chur ar bun, bunaithe ar na seánraí is mó éileamh sa Bhéarla ag an am, ar mhaithe le daoine óga.”

Chruthaigh Cathal Ó Sándair go leor carachtair aitheanta sna sraitheanna seo. Lean a chuid léitheoirí Captaen Spéirling ina shraith ficsean eolaíochta; chuaigh siad ar aistear le Réamonn Óg san Iarthar Fiáin agus bhí an-spraoi acu ag léamh faoi eachtraí an fhoghlaí mara Captaen Toirneach. Ba é Reics Carló, bleachtaire a bhí ar nós Sexton Blake na nGael, a tharraing an clú agus cáil is mó. 

Thuig Cathal Ó Sándair léitheoirí óga na tíre seo, agus chruthaigh sé scéalta spreagúla faoi bhleachtairí, buachaillí bó, foghlaithe mara agus taiscéalaithe den scoth. Scéinséirí den chuid is mó a bhí sna leabhair agus ba mhór an tionchar a bhí acu ar a chuid léitheoirí. Mhínigh Róisín go raibh sé “i gcónaí ag iarraidh sraitheanna a chur ar bun, bunaithe ar na seánraí is mó éileamh sa Bhéarla ag an am, ar mhaithe le daoine óga. Bhí tuiscint iontach aige ar dhaoine óga nach bhfaigheann mórán aitheantais nuair a bhíonn daoine ag labhairt faoi.”

Bhí an t-aos óg faoi gheasa ag a chuid scríbhneoireachta, agus léiríonn an taispeántas Ag Léamh faoin mBinse Scoile: Scéal Chathail Uí Shándair seo go soiléir. Is faoina shaol agus a shaothar atá an taispeántas seo, atá ag taisteal ar fud na tíre i mbliana. Faoi láthair, tá sé i Leabharlann Ráth Maonais agus beidh sé ann idir seo agus deireadh na míosa. Bhí an taispeántas i nDún Dealgan, Corcaigh, Gaoth Dobhair agus Gleann Cholm Cille go dtí seo, agus tá leagan digiteach le feiceáil i Leabharlann an ILAC i mBaile Átha Cliath faoi láthair. 

Tá an chéad dá leabhar a scríobh Cathal Ó Sándair foilsithe anois. Ní raibh cóipeanna digiteacha de na bunleaganacha ar fáil ós rud é gur foilsíodh iad den chéad uair ceithre scór bliain ó shin. Mar sin, bhí ar Róisín an dá leabhar a chlóscríobh ó thús go deireadh. Bhí roinnt athruithe le déanamh, ionas go mbeidís sothuigthe do léitheoirí an lae inniu. Tá éacht déanta ag Róisín na leabhair seo a chur i gcríoch agus tá sceitimíní uirthi faoi na féidearthachtaí atá ann don aos óg sult a bhaint as an saothar inniu. 

“An buntáiste mór a bhaineann le saothar Uí Shándair ná go bhfuil sé chomh soléite sin. Piocann tú suas iad agus sula mbíonn a fhios agat, bíonn siad críochnaithe agat. Beireann na scéalta ar aghaidh tú agus níl mórán leabhar ar fáil sa Ghaeilge mar sin ann. Bhí go leor pléite faoi seo, le scríbhneoirí agus foilsitheoirí agus daoine difriúla, os comhar comhchoiste an Oireachtais ar fhoilsitheoireacht trí Ghaeilge le déanaí. 

“Tá go leor leabhair iontacha ann ach tá go leor leabhair atá b’fhéidir níos liteartha nó turgnamhaí, atá difriúil ón chineál léitheoireacht éadrom a bhíonn uainn nuair atáimid tuirseach agus ag iarraidh ár scíth a ligean. Sin an rud a bhí Ó Sándair ag iarraidh a chur ar fáil agus táim ar bís go bhfuil siad ar fáil arís,” a dúirt sí.

Tá na leabhair Na Mairbh a d’Fhill agus An tEitleán Dofheicthe, scríofa ag Cathal Ó Sándair agus curtha in eagar ag Róisín Adams, athfhoilsithe ag an nGúm anois. Tá an taispeántas Ag Léamh faoin mBinse Scoile: Scéal Chathail Uí Shándair le feiceáil i Leabharlann Ráth Maonais idir seo agus deireadh na míosa. Beidh sraith raidió á craoladh níos déanaí i mbliana ar shaol agus ar shaothar Uí Shándair, agus tá breis eolais faoin fheachtas ‘Cathal Ó Sándair 2022’ ar Instagram @cosandair2022, ar Facebook @COSandair2022 agus ar Twitter @COSandair2022.

Gabhaimid buíochas speisialta le Clann Uí Shándair as cead a thabhairt dúinn grianghraif a úsáid.