Tá aimsir na scrúduithe faoi lán seoil anois agus na mílte duine ar fud na tíre ag staidéar do na páipéir Ghaeilge.
Shíl muid gur chóir dúinn ár gcuid féin a dhéanamh chun cabhrú le daltaí Ardteiste agus mar sin tá leagan speisialta cruthaithe againn de dhán ar leith ar an siollabas.
Chuala muid ar an tseachtain seo caite gurb í emojis an teanga is mó fás ar domhan agus dá bharr sin tá dán Gaeilge Ardteiste aistrithe againn go dtí an modh cumarsáide nuálach seo… ach an féidir leat é a aithint?
*Freagra ag an mbun!
*‘Mo Ghrá-sa (idir lúibíní)’ le Nuala Ní Dhomhaill