Cén dán é seo? #2
Filíocht Ardteiste 'emojithe' arís!


Tá an dara páipéar de scrúdú Gaeilge na hArdteiste ar siúl anois díreach agus, don lá atá ann, shocraigh muid ar dhán eile ón siollabas a aistriú go hEmojis daoibh.

Thaitin dúshlán an lae inné go mór leis na mílte agaibh agus tá súil againn go mbaineann sibh an oiread taitnimh as an gceann seo… ach an féidir libh é a aithint?

Bhí muid an-deas inné mar gur tugadh an freagra daoibh ach inniu caithfidh sibh é a chur chugainn ar Facebook, Twitter nó sna nóta tráchta thíos… ádh mór!

dan-emojis-2