Tá an saol agus a mháthair ag breathnú ar an gclár nua The Witcher a eisíodh ar Netflix díreach roimh an Nollaig. Roimhe sin, bhí an-tóir go deo ar an gcluiche ríomhaire a tháinig amach cúpla bliain ó shin, agus a bhfuil dhá chluiche leanta de ar fáil anois.
Ó tharla nach fear mór cluichí ríomhaire ná fear mór Netflix mé, níor chuala mise trácht ar cheachtar acu nuair a d’oscail mé an chéad cheann de mo bhronntanais oíche Nollag. Céard a bhí ann ach The Last Wish, aistriúchán Béarla ar Ostatnie życzenie na Polainnise.
Chuir mé tús le mo dhúshlán Goodreads arís ar an 1 Eanáir agus isteach liom i ndomhan The Witcher. Caithfidh mé a admháil ar dtús nach léim an t-uafás leabhra fantaisíochta ach gur thaitin na ceanna a léigh mé liom go dtí seo, den chuid ba mhó.
Níor thaitin The Last Witch liom. Bhí mearbhall orm ó thús an leabhair ar aghaidh faoin domhan a chruthaigh Andrzej Sapkowski. Agus mé ag tumadh isteach i sraith a mhairfidh seacht leabhar, bheinn ag súil go nglacfadh an t-údar an t-am a dhomhan a chruthú go cúramach, go dtabharfaí eolas cúlra faoin tír ina dtiteann an scéal amach, faoi na daoine agus na créatúir eile a chónaíonn ann.
Níor tógadh ‘the Continent’, an tír/mór-roinn/áit a bhfuil scéal The Witcher lonnaithe, ar bhealach sách cúramach agus caitheadh logainm i ndiaidh logainm ar an leathanach gan aon iarracht déanta cruth na tíre a mhíniú ná na caidrimh idir na ríochtaí éagsúla a shoiléiriú. B’amhlaidh an scéal leis na hainmhithe agus na créatúir eile a mbíonn ar an Witcher féin déileáil leo. Bhí radharc áiféiseach amháin ann nuair a mhínigh an Witcher do cheann de na harrachtaí cén sórt arrachta a bhí ann, amhail is nach raibh a fhios ag an mbeithíoch féin céard é féin.
Is dóigh liom gur easpa cumais ó thaobh próis de ba chúis leis an radharc sin, agus i leaba cur síos glinn a thabhairt don léitheoir in alt nó dhó, bheartaigh an t-údar comhrá seafóideach a chur i mbéal a charachtar leis an obair a dhéanamh dó — comhrá nach dtarlódh idir dhá neach choíche.
Ar an iomlán, d’airigh mé an scríbhneoireacht agus an inseacht scéil a bheith thar a bheith anabaí in áiteanna. Ní féidir an milleán iomlán a chur ar an údar anseo, mar níl an cumas teanga agamsa a shaothar a léamh sa mbunteanga, ach feictear dom nárbh aon mháistir ar a cheird é sa chéad leabhar seo.
Lena cheart a thabhairt dó, bhain sé casadh maith as go leor de na seanscéalta atá cloiste, léite, nó feicthe againn ar go leor bealaí eile roimhe seo — Plúirín Sneachta agus Áille agus Brúid, mar shampla — agus bhí aicsean go leor ann ó thús deireadh.
Ach tá an gnéasachas go láidir sna seanscéalta sin, agus ní dhearna Sapkowski mórán iarrachta é seo a ghlanadh óna leagan siúd de na scéalta -trí aoir nó ar bhealach eile. B’fhurasta a chreidiúint gur déagóir fir a scríobh cuid de na sleachta ón meon i leith na mban atá le braith iontu.
B’fhéidir go bhfuil mé ródhian ar an leabhar seo, nó go bhfuil mé ag súil leis an iomarca uaidh, ach braithim go bhfuil rath air i saol an Bhéarla mar gheall ar an gcluiche ríomhaire seachas mar gheall ar fheabhas na scríbhneoireachta, agus go bhféadfaí an t-iliomad leabhar fantaisíochta eile a aimsiú atá trí oiread níos fearr.
Maítear go minic gur fearr an leabhar a léamh in ionad an scannáin/sraith teilifíse ach tá mé in amhras faoi sin an geábh seo.