Tá trí chóip d’fhoilseachán nua Rossa Uí Shnodaigh, An Fochlac Foclach, le bronnadh againn ar thriúr ar féidir leo a rá linn cad is brí le teideal an leabhair.
Is bailiúchán de bhreis agus 1,000 focal é an leabhar nua seo le ball Kíla, focail a bhfuil an fhuaim chéanna acu ach cialla éagsúla leo, agus iad snite le chéile in abairtí barúlacha ag an Fhochlac Foclach – chomh maith le léaráidí iontacha ó Shéamus Dunbar.
Mar shampla, tá abairtí cosúil le ‘Ó, ó ó ó!’ sa leabhar aistrithe go Béarla ag an fhíodóir focal go ‘Oh, an ear from a grandson!’
Bíodh sé mar chuidiú agaibh agus sibh ag dul i ngleic leis an abairtín ‘An Foclac Fochlach’.
Má bhaineann tú sult as a leithéid de spraoi focal, bainfidh tú an-sult go deo as an fhoclóir comhfhoghair Gaeilge seo!
Is ar Twitter nó Facebook ar féidir libh bhur dtuairimí a chur chun tosaigh – roimh 27 Samhain – chun sibh féin a chur san iomaíocht don duais.
Labhair NÓS le húdar an leabhair faoi cheana – léigh faoi anseo.