Níl Oíche Shamhna i bhfad uainn anois agus cheana féin tá móig le feiceáil i siopaí, scoileanna, tithe agus áiteanna eile ar fud na tíre. Dhear agus ghearr ár gcartúnaí iontach, Ciaraíoch, móg Nósach dúinn an tseachtain seo caite agus é mar phictiúr próifíle againn ó shin — nach deas é!
Tá muid ag iarraidh bhur móig a fheiceáil anois agus tá cóip de Dracula le Bram Stoker, arna chur i nGaeilge ag Seán Ó Cuirrín, le bronnadh ar an duine a dhéanfaidh an móg is fearr. Bí cruthaitheach agus samhlaíoch agus tú i mbun na healaíne, glacfar le móg traidisiúnta, nó ealaín atá níos casta ná sin. Féadfaidh tú puimcín a úsáid, mar a dhéanann go leor inniu, nó meacan ráibe, mar a dhéanadh na Gaeil fadó.
Le bheith istigh ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach móg iontach a dhearadh agus a ghearradh, agus pic de a chrochadh ar na meáin shóisialta. Ná dearmad clib a chur orainn (@nosmag) agus an haischlib #móg a chur le do phictiúr! Fógrófar buaiteoir an chomórtais an tseachtain seo chugainn – tá muid ar Twitter agus ar Instagram!