COMÓRTAS: Leabhair Ghradaim Uí Shúilleabháin 2021 le buachan!

Fógraíodh gearrliosta Ghradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais an mhí seo caite, agus tá an-áthas ar NÓS a fhógairt go bhfuil beart mór de na leabhair uilig atá ar an ngearrliosta do Ghradaim Uí Shúilleabháin againn le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí.

Tá muid fíor-bhuíoch den Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair as an mbeart a chur ar fáil don chomórtas seo.

Tá an comórtas oscailte dár leantóirí Facebook, Twitter, agus Instagram. 

Ar Twitter: déan ‘athghiolc le trácht’ (quote-tweet) ar an ngiolc seo, abair linn cén leabhar Gaeilge is fearr leat féin, agus cuir clib ar chara leat ann. Bí cinnte @ansiopaleabhar a leanacht freisin!

Ar Instagram: tabhair croí don phictiúr seo, abair linn cén leabhar Gaeilge is fearr leat féin sna tráchtanna, agus cuir clib ar chara leat ann. Bí cinnte @ansiopaleabhar a leanacht freisin!

Ar Facebook: tabhair ordóg don phostáil seo, abair linn cén leabhar Gaeilge is fearr leat féin sna tráchtanna, agus cuir clib ar chara leat ann!

SCÉALTA EILE