COMÓRTAS: Leabhair Ghradaim Uí Shúilleabháin le buachan!

Fógrófar buaiteoirí Ghradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais amárach ag meán lae, agus tá an-áthas ar NÓS a fhógairt go bhfuil beart mór de na leabhair uilig atá ar an ngearrliosta do Ghradaim Uí Shúilleabháin againn le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí.

Tá muid fíor-bhuíoch den Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair as an mbeart a chur ar fáil don chomórtas seo.

Tá an comórtas oscailte dár leantóirí Facebook, Twitter, agus Instagram. 

Ar Twitter: déan ‘athghiolc le trácht’ (quote-tweet) ar an ngiolc seo, abair linn cén leabhar Gaeilge is fearr leat féin, agus cuir clib ar chara leat ann. Bí cinnte @ansiopaleabhar a leanacht freisin!

Ar Instagram: tabhair croí don phictiúr seo, abair linn cén leabhar Gaeilge is fearr leat féin sna tráchtanna, agus cuir clib ar chara leat ann. Bí cinnte @ansiopaleabhar a leanacht freisin!

https://www.instagram.com/p/CF-KD6cHH6T/?utm_source=ig_web_copy_link

Ar Facebook: tabhair ordóg don phostáil seo, abair linn cén leabhar Gaeilge is fearr leat féin sna tráchtanna, agus cuir clib ar chara leat ann!

COMÓRTAS: Tá gach leabhar atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin againn le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí dílse. Buíochas mór le An Siopa Leabhar! Sonraí an chomórtais san alt!

Posted by NÓS on Dé Luain 5 Deireadh Fómhair 2020
SCÉALTA EILE