Tá níos lú ná coicís fágtha anois go dtí an fhéile is úire i bhféilire na nGael agus tá comórtas speisialta á reáchtáil againn don ócáid stairiúil.
Ar 1 Feabhra – díreach seachtain ón Domhnach seo chugainn – déanfar ceiliúradh den chéad uair ar ‘Leabhra Feabhra’, coincheap nua a bhfuil sé mar aidhm aige tús a chur le traidisiún úr ina mbronntar leabhair Ghaeilge mar bhronntanais ar Lá Fhéile Bríde gach bliain.
Síleann muid anseo in oifigí NÓS gur smaoineamh den scoth é mar ní amháin go rachaidh sé chun tairbhe d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge ach spreagfaidh sé an pobal dul i mbun léitheoireachta, agus go deimhin is leithscéal den scoth é ár gcairdeas agus ár gcultúr a cheiliúradh ar an chéad lá den earrach.
Mar chuid den cheiliúradh sin tá 5 chóip den phóstaer speisialta seo, a dhear Jack Ó Drisceoil, le bronnadh againn ar Nósdóirí a ghlacann páirt i Leabhra Feabhra.
Conas is féidir leat bheith san iomaíocht?
Bhuel níl le déanamh agat ach grianghraf a ghlacadh díot féin agus den leabhar atá á thabhairt mar fhéirín agat ar 1 Feabhra.
Seol an pictiúr chugainn ar Twitter @nosmag faoi 2 Feabhra agus roghnóidh ionadaithe ó phobal na Gaeilge sa Bheilg – a tháinig aníos le coincheap Leabhra Feabhra – na buaiteoirí ádhúla.
Ceannaigh leabhair, glac grianghraf agus scaip an grá le linn na féile nua Gaeilge seo!
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin fhéile nua cheannródaíoch seo ar leabhrafeabhra.com