COMÓRTAS: ‘Tinte na Farraige Duibhe’ le buachan

Tá an-áthas ar NÓS a fhógairt go bhfuil cóip den leagan Gaeilge de leabhar Tim Armstong Tinte na Farraige Duibhe againn le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí dílse. Chuir Eoin P Ó Murchú an tí seo Gaeilge na hÉireann ar an leabhar a foilsíodh ar dtús i nGaeilge na hAlban faoin teideal Air Cuan Dubh Drilseach.

Tá an comórtas oscailte dár leantóirí ar na meáin shóisialta.

Ar Twitter: Déan athghiolc le trácht (quote-tweet) ar an ngiolc seo thíos, abair linn cén teanga inar scríobhadh Tinte na Farraige Duibhe ar dtús, agus cuir clib ar chara leat ann.

Ar Instagram: Tabhair croí don phostáil seo, abair linn cén teanga inar scríobhadh Tinte na Farraige Duibhe ar dtús, agus cuir clib ar chara leat sna tráchtanna.

View this post on Instagram

A post shared by NÓS (@nosmag)

Ar Facebook: Tabhair ordóg don phostáil seo, abair linn cén teanga inar scríobhadh Tine na Farraige Duibhe ar dtús, agus cuir clib ar chara leat sna tráchtanna.

Tá an-áthas ar NÓS a fhógairt go bhfuil cóip den leagan Gaeilge de leabhar Tim Armstong 'Tinte na Farraige Duibhe'…

Posted by NÓS on Dé Céadaoin 13 Eanáir 2021