Tá cúig leabhar Gaeilge ar an ngearrliosta do ghradam na Gaeilge ag Irish Book Awards 2022. Fógraíodh an gearrliosta anocht in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus fógrófar buaiteoir an chatagóire ag ócáid speisialta a bheidh ar siúl in Ionad an Tionóil an mhí seo chugainn.
Tá Bláth na dTulach, a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin níos luaithe an mhí seo, ainmnithe i measc an chúig leabhar. Is bailiúchán gearrscéalta comhaimseartha é Bláth na dTulach agus saothar ó scríbhneoirí as gach cearn de chúige Uladh ann. Is iad Réaltán Ní Leannáin agus Eoghan Mac Giolla Bhríghde (Éabhlóid) a bhí ina n-eagarthóirí ar an saothar.
Is iad na leabhair eile atá ar ghearrliosta na bliana seo: Súil an Daill, le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breach); ELle Thaddeus Ó Buachalla (Coiscéim); Bádh B’fhéidir le Seán Ó Muireagáin (Éabhlóid); agus An Dara Rogha, le Celia de Fréine (LeabhairCOMHAR).
Ainmníodh Súil an Daill do Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana freisin. Úrscéal staire atá ann atá lonnaithe i dTír Eoghain sa bhliain 1539 agus Conn Bacach ina thiarna ar an gceantar. Bailiúchán gearrscéalta is eaBádh B’fhéidir ina gcuireann Seán Ó Muireagáin saolta samhalaíocha ficsin eolaíochta os comhair an léitheora.
Scéal eile staire is ea El le Thaddeus Ó Buachalla ina dtugtar ar an léitheoir a thuiscint ar an saol a cheistiú agus muid ag dul anonn is anall idir an lá atá inniu ann agus an 17ú hAois. Is úrscéal tuairimeach é An Dara Rogha ina insítear scéal Emma agus Zara atá ag maireachtáil i “mBliain 19 sa Ré Úr, i mBithsféar 9”.
Dúirt Leabhar Breac go bhfuil “ríméad” orthu go bhfuil Súil an Daill ar ghearrliosta na bliana seo agus thréaslaigh le Darach Ó Scolaí agus gach uile dhuine a d’oibrigh ar an leabhar. Bhuaigh an t-úrscéal staire Duais an Oireachtais in 2019 agus tá díol ard uirthi ó foilsíodh roimh Nollaig na bliana seo caite í.