Cuntas soiléir soléite ar Réabhlóid na Rúise

Is beag eolas a bhí agam ar bhlianta corraitheacha réabhlóideacha na Rúise sular cheannaigh mé Réabhlóid na Rúise: Leabhar 1 le hAindrias Ó Cathasaigh ag tús na bliana seo. Bhí na hainmneacha móra Lenin, Trotsky, Stalin agus eile cloiste agam, ar ndóigh, agus bhí a fhios agam faoi mharú an rítheaghlaigh in 1918, ach seachas sin, agus an blúirín beag a chonaic mé sa gcartún Anastasia 20 bliain ó shin, bhí mé aineolach go maith ar údar na réabhlóide agus ar imeachtaí na linne.

D’fheil an leabhar seo go maith domsa, mar sin, an glantosaitheoir. Tá meas agam ar Aindrias Ó Cathasaigh mar staraí a bhfuil fios a ghnó aige agus a dhéanann a dhícheall an fhírinne mar a thuigeann seisean í a chur i láthair an léitheora. Is léir ó theideal an leabhair seo go bhfuil ar a laghad leabhar amháin eile fós le foilsiú agus tá mé ag súil leis an gcuid eile den scéal a léamh.

Cuirtear an t-eolas i láthair an léitheora ar bhealach soléite agus leagtar amach an scéal de réir ama agus léitear é, dá bharr, mar a bheadh úrscéal ann. Thaitin an cur chuige sin liom mar dhuine a bhfuil fíorbheagán eolais faoin réabhlóid agam agus d’airigh mé gur cuireadh síos ar imeachtaí móra na tréimhse go soiléir.

Ar ndóigh, is sóisialaí é Aindrias agus tá claonadh mór sa leabhar ar son na réabhlóidithe agus is féidir fiú tuairim an údair i leith na bhfaicsean éagsúil a bhrath go soiléir ina chuid scríbhneoireachta. Admhaíonn sé go hoscailte ina réamhrá go ndearna sé “iarracht a bheith cothrom — is é sin le rá, ar ndóigh, a bheith ar thaobh na réabhlóide”.

Tá claonadh ionamsa, mar Éireannach agus mar Ghael is dóigh, a bheith go minic ‘ar thaobh na réabhlóide’ ach mar sin féin is fearr liom nuair a chuirtear eolas glan os mo chomhair i leabhar staire mar seo agus go ligfí dom mo bhreith féin a thabhairt ar an scéal. Gan baint de cháil an údair mar staraí, bhraith mé gur chóir tuilleadh eolais a lorg faoin réabhlóid sula n-aontóinn leis faoi chuile shórt atá sa leabhar.

Fuair mé dhá locht mhóra ar an saothar seo. Is é an chéad cheann an iarracht a rinne an t-údar ainmneacha na ndaoine agus logainmneacha áirithe a Ghaelú gan aon leid a thabhairt faoi bhunleaganacha ná faoi leaganacha Béarla atá ar eolas cheana féin againn. Tuigim don údar agus é ag iarraidh “cuma cheart Ghaelach” a chur ar na hainmneacha seo agus a bheith “dílis do bhunfhuaimeanna” na dteangacha éagsúla a thagann aníos i rith an leabhair.

Cé go n-aontaím le hAindrias gur cheart “culaith Ghaelach” a chur ar an scéal le go dtuigfeadh léitheoirí na Gaeilge é, fágann an Gaelú seo é fíordheacair teacht ar eolas faoi na daoine a luaitear i bhfoinsí eile. B’fhearr liom dá luafaí an bunleagan Rúisise, nó an leagan coitianta Béarla, nuair a luaitear an leagan Gaelaithe den chéad uair sa gcaoi is go mbeadh an léitheoir in ann tuilleadh fiosruithe a dhéanamh ar an ábhar.

Is é an dara locht atá agam ar an leabhar ná an easpa tagairtí an bealach ar fad tríd. Bheinn ag súil, i leabhar staire mar seo, le tagairtí cuimsitheacha agus fonótaí ar leathanaigh an leabhair chomh maith le liosta leabhar eile ábhartha ag cúl an leabhair. Tá gearrthóga nuachtán, giotaí ó litreacha agus iontrálacha dialainne scaipthe ar fud an leabhair, agus eolas faoin bhfoinse leo, ach seachas sin ní thugtar aon leid faoin áit a bhféadfaí a thuilleadh eolais a aimsiú.

Ba mhór an chabhair an ‘sruth ama’ agus an ‘ghluais’ ar chúl an leabhair don léitheoir nuair a bhíothas ag streachailt leis an iliomad eagraíochtaí agus foilseachán a cuireadh ar bun le linn na réabhlóide agus le cuntas a choinneáil ar na heachtraí éagsúla a thit amach idir 1855 agus 1918.

Bhain mé sult as an leabhar agus tugadh léargas maith inti ar staid na Rúise ag tús an 20ú hAois, agus is cinnte go gceannóidh mé an dara leabhar sa tsraith nuair a fhoilseofar í.

SCÉALTA EILE