‘Dar leathmhagairle an diabhail, is leabhar den scoth é seo!’

I dTír Eoghain an séú céad déag, is é an Tiarna Conn Bacach Ó Néill atá i réim agus is léir ó thús an leabhair seo nach aon ré shochar shíochánta í. Bíonn ruathair á dtabhairt ag fothiarnaí Gaelacha ar thailte a chéile agus sa gcúlra bagairt eile ann a chuireann a slí bheatha i mbaol trí chéile, bagairt a ghabhann lár stáitse ag Caith Bhéal Átha hÓ, mar a gcuireann fórsaí na nGall an ruaig ar airm Uí Néill agus Uí Dhomhnaill agus iad ag filleadh ó bhabhta creachadóireachta ó dheas. 

Ach ní scéal é seo a bhaineann le cogaíocht agus creachadh ar an gcuid is mó ach leis na carachtair taobh thiar de agus na meoin agus na haidhmeanna éagsúla atá acu. Go suntasach ina measc tá an tAthair Conchúir Mac Ardail, fear a shaothraíonn a chuid mar oide agus mar chléireach.  Más laoch an scéil é Mac Ardail, ní laoch ar mhúnla na scéalta gaisciúla. 

“An mart léannta úd thall sa ngúna dubh tréigthe, sin é do Chonchúir Mac Ardail duit” atá mar cur síos ag an Tiarna Oiriall air nuair a chasann muid den chéad uair leis sa réamhscéal. 

Fear íseal  téagartha atá ann a bhfuil i bhfad níos mó spéise aige i leabhair agus i ngeilleagar agus infreastruchtúir an tiarnais ná i gcúrsaí cogaíochta, ach ní fhágann sin go n-éiríonn leis fanacht glan ar an achrann ina thimpeall.


Ag tús an scéil is baintreach atá i Mac Ardail agus clann, atá nach mór fásta, fós faoina chúram. Chaith sé seal ar an mór-roinn agus chuaigh an léann agus an cultúr a casadh ann dó go mór i gcion air. Ní shásódh aon rud níos mó é ná scoileanna den chineál céanna a chur á dtógáil i dTír Eoghain. 

Is é Feilimí Caoch, fear atá ar leathshúil seachas caoch ar fad, an seans is fearr chun tiarnas ar stíl na hEorpa a chruthú. Carachtar an-spéisiúil atá i bhFeilimí a bhfuil leathchos aige i ndomhan gaisciúil na nGael agus an chos eile i sibhialtacht na mór-roinne, faoi thionchar a mhná chéile, Onóra. 

Ar nós Chonchúir féin, tá dúil mhór ag Onóra sna leabhair, agus feictear don bheirt acu go bhféadfaidís flaith ar an múnla Eorpach a dhéanamh d’Fheilimí Caoch, ach ní ró-éasca dó na gnásanna seanbhunaithe atá mar oidhreacht aige a fhágáil ina dhiaidh.


Dar leathmhagairle an diabhail is leabhar den scoth é seo, le feidhm a bhaint as nath cainte de chuid Airt mhic Colla Óig Mhic Dhónaill, duine de chléir líonmhar charachtar an scéil (ba mhór an chabhair an liosta ag tús an leabhair le hiad a choinneáil i gcuimhne). Tá áit shuntasach ag dul don leabhar i measc an chnuasaigh leabhair ar ardchaighdeán a foilsíodh le roinnt blianta anuas a d’fhágfadh trua agat don té atá gan Ghaeilge. 

D’fhéadfaí aistriúchán a dhéanamh air, ar ndóigh, ach  chaillfeadh sé cuid den draíocht san aistriúchán, draíocht a eascraíonn i bpáirt as an saibhreas agus an stíl teanga. Is i nGaeilge na linne seo atá sé ach le neart focal nach n-úsáidtear go minic, cé go bhfuil siad le fáil sna foclóirí comhaimseartha. Ba mhinic ag cartadh sa bhfoclóir mé, mar sin, ach ní chomh minic sin gur chuir sé isteach an iomarca ar dhul chun cinn an scéil ná ar an taitneamh a bhain mé as. 

Agus tá an-luas leis an scéal, neart cora agus castaí agus corr bhuille trom sna putóga leis a thagann go han-tobann ort. Ar an gcuid is mó, is scéal réadúil é agus is soiléir gur toradh é ar  thaighde agus tuiscint dhomhain ar shaol agus ar shochaí Ghaelach a linne. Faigheann an léitheoir blaiseadh de nósanna agus béascnaí an ama, beatha agus deoch san áireamh, ag tosú leis na fraochóga in uachtar atá á n-ithe sa réamhscéal. 

Tá mír an-spéisiúil, mar shampla, ina ndéantar iarracht teacht ar bhreithiúnas dhlí maidir le húinéireacht talún. Iompraítear ar dhán mar bhealach le cearta na bpáirtithe a mheá, rud nach mbeadh glacadh rómhór leis mar fhianaise i gcúirteanna an lae inniu. 

Anuas ar an réalaíocht seo a chabhraíonn go mór leis an léitheoir a lonnú i ndomhan corraithe an leabhair, tá snáithe osnádúrtha tríd i bpearsa na mná feasa – seanchailleach na smige ribí ar a seanbhó chnámhach, a chasann in amanna tuarúla ar Fheilimí Caoch. An chéad uair a chastar ar a chéile iad, deireann sí le Feilimí gur géis dó súil an daill a bhaint, ach cén daill agus an dtugann sé aird uirthi? Is géis do léirmheastóir an rún a scaoileadh.

Súil an Daill le Darach Ó Scolaí ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin 2022. Is féidir é a cheannach anseo.